ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
informace
Fáilte isteach go dtí suíomh nua Cois Life le gnéithe forbartha nua agus tuilleadh leabhar duit, gan amhras. An dá phíosa nuachta is déanaí uainn ná an t-eagrán nua de Gaolta Gairide (in eag. ag Máirín Nic Eoin) a bheith le ceannach anois agus físeán eolais a bheith déanta ag Donla uí Bhraonáin faoina heagrán nua den chlasaic Sheanfhocla Chonnacht a thiomsaigh Tomás S. Ó Máille an chéad lá. Is féidir féachaint ar an bhfíseán ach gliogáil ar an nasc leis an mblag, thíos ar dheis. (12 Lúnasa 2010)
Comhlacht foilsitheoireachta é Cois Life a bunaíodh chun saothair liteartha agus taighde a chur ar fáil i nGaeilge. Foilsítear leabhair Ghaeilge d'fhoghlaimeoirí, do dhaoine óga, drámaí léirithe, ficsean, filíocht agus monagraif acadúla. Eolas breise ...
Scríbhneoirí faoi Chaibidil
Alan Titley
12.00 (bog)  | ceannaigh | eolas breise

Sraith alt ar údair mhóra liteartha na Gaeilge, beo agus marbh, mar shampla Cathal Ó Searcaigh, Mícheál Ó Conghaile agus Seán Ó Ríordáin.

Seanfhocla Chonnacht
Tomás S. Ó Máille, Donla uí Bhraonáin
Donla uí Bhraonáin a chóirigh an t-eagrán seo
30.00 (leabhar agus CD)  | ceannaigh | eolas breise

Eagrán nua den bhunsaothar cuimsitheach (1952) le Tomás Ó Máille. Bunábhar an bhailiúcháin athchóirithe agus curtha ar fáil do ghlúin nua in aon imleabhar tarraingteach amháin. Le háis chuardaigh CD-ROM.

Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge
Rióna Ní Fhrighil
20.00 (bog)  | ceannaigh | eolas breise

Cnuasach ilúdar d’aistí critice é seo ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Gaolta Gairide (2010)
Máirín Nic Eoin
16.00 (bog)  | ceannaigh | eolas breise

Saol an pháiste is ábhar don díolaim filíochta seo, agus a gcaidreamh leis na daoine fásta is tábhachtaí ina saol.

Sceon na Mara
Liam Ó Muirthile
15.00  | ceannaigh | eolas breise

Dúnmharfóir ban ar an gcósta thoir, é ag baint sásaimh as craos cortha a shamhlaíochta féin. Agus an bleachtaire Jack Hennessy ag dul sa tóir air, isteach linn i gcroílár an dorchadais. Ríomhleabhar ar fáil chomh maith Samhradh 2010.

Ag teacht ...
Aiséirí
Alex Hijmans
Dordán
Éilís Ní Dhuibhne
Séadna
Peadar Ó Laoghaire, Liam Mac Mathúna
Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí