ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.

leabhair atá as cló

Aistrigh go Gaeilge: treoirleabhar
Maolmhaodhóg Ó Ruairc
8.80 (bog) | as cló | eolas breise
Lámhleabhar praiticiúil do gach éinne a chaitheann ábhar a aistriú go Gaeilge. As cló ach ar fáil ar CD le +Aistrigh Leat+.
An Peann Coitianta 2
Liam Ó Muirthile
8.80 (bog) | as cló | eolas breise
An dara cnuasach de rogha alt Liam Uí Mhuirthile óna cholún seachtainiúil, "An Peann Coitianta" san Irish Times
Banana
Seán Mac Mathúna
12.60 (bog) | as cló | eolas breise
Sárchnuasach gearrscéalaíochta ó dhuine de mhórscríbhneoirí ár linne.
Bás Tobann
Anna Heussaff
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
Úrscéal mór-ráchairte a mheallann an léitheoir le mistéir...
Cailíní Beaga Ghleann na mBláth
Éilís Ní Dhuibhne
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
Úrscéal taitneamhach é seo a phléann le ceisteanna móra: an chothromaíocht idir an saol oibre agus cúraimí clainne, angst déagórach, anbhuaine an tsaoil agus ról na cuimhne mar luibh leighis.
Canary Wharf
Orna Ní Choileáin
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
An chéad chnuasach gearrscéalta ó dhuine de na scríbhneoirí óga is fearr sa Ghaeilge. (Ar fáil mar ríomhleabhar.)
Céard é English?
Lorcán S. Ó Treasaigh
12.00 (bog) | as cló | eolas breise
Ficsean ceannródaíoch, dírbheathaisnéisiúil faoina óige i dteaghlach Gaelach i mBaile Átha Cliath.
Conradh na Gaeilge i gCorcaigh 1894-1910
Traolach Ó Ríordáin
21.50 (crua) | as cló | eolas breise
Staidéar ilghnéitheach ar an gConradh i gCorcaigh.
Conradh na Gaeilge i gCorcaigh 1894-1910
Traolach Ó Ríordáin
15.20 (bog) | as cló | eolas breise
Staidéar ilghnéitheach ar an gConradh i gCorcaigh.
Dúchas na Gaeilge
Maolmhaodhóg Ó Ruairc
10.15 (bog) | as cló | eolas breise
Na bundifríochtaí idir an Ghaeilge agus an Béarla mínithe.
Dúlra Oileáin Árann - FÉILIRE 2012 !!!
Con Ó Ruairc
5.00 (Féilire 2012 - lándaite) | as cló | eolas breise
Tá brón orainn - tá an féilire as cló anois.
Dúnmharú sa Daingean
Éilís Ní Dhuibhne
12.60 (bog) | as cló | eolas breise
Cailleann Saoirse a grá geal, a post agus a hárasán agus tréigeann sí Baile Átha Cliath chun faoiseamh a lorg i gceantar iargúlta i gCorca Dhuibhne.
Gaothán (-CD)
Liam Ó Muirthile
11.40 (bog) | as cló | eolas breise
Sa tollán a thagann Gaothán ar an saol. Garsún leis féin é nach bhfuil a fhios aige cad as é ná cá bhfuil sé ag dul ar a chamchuairt sa chathair. (Aois 12+)
I dtreo teanga nua
Maolmhaodhóg Ó Ruairc
10.15 (bog) | as cló | eolas breise
Na hathruithe atá ag teacht ar an nGaeilge agus an gá le forbairt na teanga a phleanáil.
Lón Anama
Ciarán Mac Murchaidh
20.00 (crua) | as cló | eolas breise
Dánta, liricí agus de rainn thraidisiúnta na Gaeilge ar théamaí spioradálta.
Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge
Gearóidín Uí Laighléis
25.00 (crua) | as cló | eolas breise
Saol agus saothar Sheáin Mhic Mhaoláin, aistritheoir tionscantach faoi scéim an Ghúim sa Stát nua.
Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge
Gearóidín Uí Laighléis
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
Saol agus saothar Mhic Mhaoláin, aistritheoir tionscantach faoi scéim an Ghúim sa Stát nua.
Vortex
Anna Heussaff
8.00 (bog) | as cló | eolas breise
Úrscéal eachtraíochta, lán de theannas is de spleodar. (Aois 9-12)
Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí