ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.

prós

500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przyslow
Donla uí Bhraonáin
Díolaim mhealltach de 500 seanfhocal Gaeilge agus leaganacha Béarla, Spáinnise agus Polainnise leo.
Adolf sna hArda
Marvin Halleraker
Cónaíonn Adolf i gcraein agus seinneann sé an flúgalchorn. Ach ansin chonaic sé cat i mbaol ... (Aois 8-11)
Ailfí agus an Vaimpír
Orna Ní Choileáin
Tá vaimpír ina chónaí i ngairdín Ailfí, buachaill óg. Ach ní spéis leis an vaimpír seo an fhuil - b'fhearr leis rollaí fige!
Aiséirí
Alex Hijmans
Úrscéal faoin idéalachas, dílseacht, grá ... agus caife.
An Bóthar go Santiago
Mícheál de Barra
Dialann oilithrigh ar an turas cáiliúil seo.
An Colm Bán
Liam Ó Muirthile
Úrscéal ciorclach, timpeallach atá sa saothar seo, é lonnaithe i bPáras; dhá thréimhse ama – tús an 20ú hAois, agus tús an 21ú hAois – agus dhá scéal á bhfí ina chéile. 'A novel of the highest order' - The Irish Times.
An Colm Bán
Liam Ó Muirthile
Úrscéal ciorclach, timpeallach atá sa saothar seo, é lonnaithe i bPáras; dhá thréimhse ama – tús an 20ú hAois, agus tús an 21ú hAois – agus dhá scéal á bhfí ina chéile. 'A novel of the highest order' - The Irish Times.
An Dragan Feasa
Rhiannon Watson
Scéal fantaisíochta é seo do dhaoine óga 9-12 bliain. Tá dragain go flúirseach anseo, cuid acu maith agus cuid acu olc.
An Peann Coitianta 2
Liam Ó Muirthile
8.80 (bog) | as cló | eolas breise
An dara cnuasach de rogha alt Liam Uí Mhuirthile óna cholún seachtainiúil, "An Peann Coitianta" san Irish Times
An tOllamh Folamh
Gabriel Rosenstock
Is maith leis an Ollamh Folamh a bheith folamh. Tá an saol, dar leis, rólán. (Aois 6-9)
Aois Fir
Liam Ó Muirthile
Scéal garsúin sna déaga luatha a chaitheann teacht in aois fir gan choinne. Scéal farraige, seoltóireachta agus bádóireachta ar chósta thoir theas na hÉireann.
Ar an bPeann
Liam Ó Muirthile
Rogha an údair atá anseo dá chuid colún "An Peann Coitianta" 1997-2003 ar an Irish Times.
Ar an Taifead - fís, fuaim, focal (eagrán 2012)
Breandán Delap
Eagrán nuachóirithe den treoirshaothar do na meáin ina gcuirtear forbairtí nua san earnáíl, na meáin nua san áireamh, plé ar chursaí eagarthóireachta agus gnéithe eile san áireamh.
Ar Muir is ar Sliabh
Dermot Somers
Duais-úrscéal faoi shraith nua teilifise faoin eachtraíocht.
Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí
Labhrás Ó Finneadha
Téacsanna ón 19ú haois a thugann léaspairtí daonna ar thréimhsí géarleanúna, céastóireachta agus gorta ar mhór-roinn na hEorpa agus in Éirinn féin. Nua-aistrithe ón nGearmáinis agus ón bhFraincis.
Banana
Seán Mac Mathúna
12.60 (bog) | as cló | eolas breise
Sárchnuasach gearrscéalaíochta ó dhuine de mhórscríbhneoirí ár linne.
Bás Tobann
Anna Heussaff
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
Úrscéal mór-ráchairte a mheallann an léitheoir le mistéir...
Bean i mBiarritz
Brian Ó Dochartaí
An cuardach. An tóir. An casino. An t-anbhás. An fhuascailt, b'fhéidir!
Blaiseadh Pinn: Nuascríbhneoireacht Ghaeilge
Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléircín, Deirdre Ní Chonghaile, Majella McDonnell, Simon Ó Faoláin, Muiris Ó Meara, Ailbhe Ní Ghearbhuigh
An chéad chnuasach d'ábhar, idir phrós agus fhilíocht, le Scríbhneoiri Úra na Gaeilge.
Buaic
Dermot Somers
Scéal idirnáisiúnta agus eachtraí il-leibhéil ann, ó pheann greanta Dermot Somers, máistir ar cheird an phinn agus ar ealaín na heachtraíochta daonna.
Cailíní Beaga Ghleann na mBláth
Éilís Ní Dhuibhne
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
Úrscéal taitneamhach é seo a phléann le ceisteanna móra: an chothromaíocht idir an saol oibre agus cúraimí clainne, angst déagórach, anbhuaine an tsaoil agus ról na cuimhne mar luibh leighis.
Canary Wharf
Orna Ní Choileáin
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
An chéad chnuasach gearrscéalta ó dhuine de na scríbhneoirí óga is fearr sa Ghaeilge. (Ar fáil mar ríomhleabhar.)
Céard é English?
Lorcán S. Ó Treasaigh
12.00 (bog) | as cló | eolas breise
Ficsean ceannródaíoch, dírbheathaisnéisiúil faoina óige i dteaghlach Gaelach i mBaile Átha Cliath.
Cén t-am é?
Siobhain Grogan
Clogleabhar le cúrsaí ama a mhúineadh do leanaí 5-7 bl.
Cnoc na Lobhar
Lorcán S. Ó Treasaigh
Úrscéal faoi fhear i ndeireadh a shaoil ar mire in éadan an bháis.
Cruinnscríobh na Gaeilge (eagrán 2012)
Ciarán Mac Murchaidh
20.00 (leabhar agus CD) | as cló | eolas breise
An ceathrú eagrán den chlasaic seo faoi ghramadach na Gaeilge. San eagrán nuachóirthe seo tá ábhar agus cleachtaí breise sa leabhar. Ar an CD tá ríomhdhiagnóis idirghníomhach tosaigh agus cleachtaí ríomhthástala le haghaidh na gcaibidlí.
Cruinnscríobh na Gaeilge (eagrán 2012)
Ciarán Mac Murchaidh
20.00 (leabhar agus CD) | as cló | eolas breise
An ceathrú eagrán den chlasaic seo faoi ghramadach na Gaeilge. San eagrán nuachóirthe seo tá ábhar agus cleachtaí breise sa leabhar. Ar an CD tá ríomhdhiagnóis idirghníomhach tosaigh agus cleachtaí ríomhthástala le haghaidh na gcaibidlí.
Cuairteoir
Áine Ní Ghlinn
Ná freagair an doras, mura bhfuil a fhios agat cé atá ann... Úrscéal den scoth. (Aois 9+)
Cúpla Focal
Anna Heussaff
Úrscéal grá agus suirí suite i rang Gaeilge do dhaoine fásta.
Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir
Siobhán Parkinson
Dialann an deagóra Amy a chuireann síos ar eachtraí a cuid cairde agus ar na daoine fásta, cráite timpeall orthu. (Aois 12-15)
Dordán
Éilís Ní Dhuibhne
Tá Natasha gnóthach ag ullmhú don Ardteist nuair a thosaíonn a máthair ag briseadh na ngréithe agus nuair a bhailíonn a hathair leis i lár na hoíche.
Dúlra Oileáin Árann
Con Ó Ruairc
Oileáin Árann agus an saibhreas dúlra a bhaineann leo is ábhar don leabhar seo. Seoidleabhar lándaite.
Dúlra Oileáin Árann - FÉILIRE 2012 !!!
Con Ó Ruairc
5.00 (Féilire 2012 - lándaite) | as cló | eolas breise
Tá brón orainn - tá an féilire as cló anois.
Dún an Airgid
Éilís Ní Dhuibhne
Baile nua foirfe agus daoine deasa lonnaithe ann. Útóipe nua-aoiseach. Ach lá amháin téann Laoise Ní Bhroin ar iarraidh...
Dúnmharú sa Daingean
Éilís Ní Dhuibhne
12.60 (bog) | as cló | eolas breise
Cailleann Saoirse a grá geal, a post agus a hárasán agus tréigeann sí Baile Átha Cliath chun faoiseamh a lorg i gceantar iargúlta i gCorca Dhuibhne.
Éile Rua - an chéad seilchí
Gabrielle Ní Mheachair
Scéal grá agus scéal bróin do dhaoine óga. (Aois 7-10)
Favela
Alex Hijmans
An saol i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl.
Focail le Gaois
Antain Mac Lochlainn
Seoda cainte na n-údar mór ó gach ré ón tSean-Ghréig go Baile Átha Cliath: seoda tuisceana, tarcaisne, géarchúise agus grinn.
Fuadach
Áine Ní Ghlinn
Scéal bleachtaireachta faoi fhuadach páiste. (Aois 12-15)
Fuaimeanna na Gaeilge
Brian Ó Raghallaigh
Cur síos ar fhoghraíocht, ar fhóineolaíocht agus ar chóras fuaimeanna na Gaeilge sna príomhchanúintí.
Gaothán (+CD)
Liam Ó Muirthile
12.00 (leabhar agus CD) | ceannaigh an leabhar cló | eolas breise
Sa tollán a thagann Gaothán ar an saol. Garsún leis féin é nach bhfuil a fhios aige cad as é ná cá bhfuil sé ag dul ar a chamchuairt sa chathair. (Aois 12+)
Gaothán (-CD)
Liam Ó Muirthile
11.40 (bog) | as cló | eolas breise
Sa tollán a thagann Gaothán ar an saol. Garsún leis féin é nach bhfuil a fhios aige cad as é ná cá bhfuil sé ag dul ar a chamchuairt sa chathair. (Aois 12+)
Gonta
Alex Hijmans
Gonta. Gonta croí, gonta anama, gonta coirp. Gonta a spreagann gníomhartha díoltais – agus dóchais. Seo cnuasach gearrscéalta faoi ghonta mhuintir Bahia.
Hurlamaboc
Éilís Ní Dhuibhne
Eachtraí triúr déagóirí i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath - Ruán, Emma agus Colm. Úrscéal sárdhíola sa 4ú cló anois. Caibidil 1 ar an gcúrsa Ardteiste.
In Ord is in Eagar (eagrán 2015)
Antain Mac Lochlainn
Eagrán méadaithe nuachóirithe (le foilsiú 2015)
Leabhar Laethanta
Donla uí Bhraonáin
Almanag de chultúr agus de stair na hÉireann.
Madra Meabhrach
Áine Ní Ghlinn
Téann madra ar scoil! (Aois 8-10)
Maitríóisce
Siobhán Parkinson
Úrscéal do dhéaga óga faoi eolas á nochtadh... Ar Ghearrliosta do Ghradam Réics Carló 2011 agus Buaiteoir na Gradamdhuaise d'Fhicsean ag Gradaim Leabhair na Bliana CBI 2012.
Maitríóisce
Siobhán Parkinson
Úrscéal do dhéaga óga faoi eolas á nochtadh... Ar Ghearrliosta do Ghradam Réics Carló 2011 agus Buaiteoir na Gradamdhuaise d'Fhicsean ag Gradaim Leabhair na Bliana CBI 2012.
Niall Tóibín ag léamh Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna
Seán Mac Mathúna
18.00 (pacáiste crua le 4 CD) | ceannaigh an leabhar cló | eolas breise
Léann an Tóibíneach rogha gearrscéalta le Seán Mac Mathúna.
Poll agus a Mhac
Marvin Halleraker, Frode Grytten
Fabhalscéal dár ré féin inste le greann. (Aois 8-11)
Rince ar na Ballaí
Dermot Somers
Eachtraí sna hAlpa, sna Himiléithe agus sa Sahára.
Scéal Scéil
Breandán Delap
Na modhanna oibre a chleachtaítear sna meáin chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh.
Sceon na Mara
Liam Ó Muirthile
Dúnmharfóir ban ar an gcósta thoir, é ag baint sásaimh as craos cortha a shamhlaíochta féin. Agus an bleachtaire Jack Hennessy ag dul sa tóir air, isteach linn i gcroílár an dorchadais. Ríomhleabhar ar fáil chomh maith Samhradh 2010.
Sciorrann an tAm
Orna Ní Choileáin
Cnuasach nua gearrscéalta ó údar Canary Wharf. (le foilsiú 2014.)
Séadna (closleabhar/audiobook)
Peadar Ua Laoghaire, Maighréad Uí Lionáird
24.00 (Pacáiste de 8 CD agus leabhrán eolais) | ceannaigh an leabhar cló | eolas breise
Closleabhar den eagrán nua, iomlán de mhórchlasaic liteartha na Gaeilge á léamh ina iomláine ag Maighréad Uí Lionáird ar 8 CD.
Séadna (clúdach bog)
Liam Mac Mathúna, Peadar Ua Laoghaire
Eagrán nua, iomlán de mhórchlasaic liteartha na Gaeilge. *Ar Ghearrliosta Ghraadam Uí Shúillebháin - Leabhar an Bliana 2011*
Séadna (cóip chrua)
Peadar Ua Laoghaire, Liam Mac Mathúna
Eagrán nua, iomlán de mhórchlasaic liteartha na Gaeilge. *Ar Ghearrliosta do Ghradam Uí Shúillabháin 2011*
Séanna
Peadar Ua Laoghaire, Caoilfhionn Nic Pháidín
Leagan athchóirithe do leanaí agus d’fhoghlaimeoirí fásta den chlasaic seo.
Séanna
Peadar Ua Laoghaire, Caoilfhionn Nic Pháidín
Leagan athchóirithe do leanaí agus d’fhoghlaimeoirí fásta den chlasaic seo.
Sister Elizabeth ag Eitilt agus Portráidí Eile
Liam Ó Muirthile
Scéalta, eachtraí agus portráidí fileata.
Splancanna ó Shaol Eile
Alex Hijmans
Grianghrafiriseoireacht ón mBrasaíl. Féilire álainn 2014 in aisce leis.
Teach an Oighir
Aoife Valley
Scéal faoi chroíthe leáite agus cairdeas... (Aois 7-10)
Tóraíocht Taisce
Mícheál Ó Ruairc
Tugann déagóir óg cuairt ar an nGaeltacht agus titeann faoi scáth draíochta eachtraí stairiúla smuigléireachta. Úrscéal eachtrúil don aoisghrúpa 12–15.
Tromluí
Áine Ní Ghlinn
Dúisíonn Eoghan Ó Broin i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh. Duaisleabhar Oireachtais do dhaoine óga.
Úlla
Seán Mac Mathúna
Bailiúchán de na gearrscéalta is fearr as an dá chnuasach Ding agus Banana.
Úlla (2011)
Seán Mac Mathúna
Seo eagrán nua de Úlla - rogha gearrscéalta (11 acu) go príomha as na cnuasaigh Ding (1983) agus Banana (1999). Tá an dara heagrán seo ag teacht le heagrán 2005 ach amháin gur ceartaíodh roinnt botún cló agus mionearráidí eile.
Vortex
Anna Heussaff
8.00 (bog) | as cló | eolas breise
Úrscéal eachtraíochta, lán de theannas is de spleodar. (Aois 9-12)
Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála