ríomhleabhair
Tá cuid de na leabhair atá foilsithe againn ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair sna formáidí kindle agus epub. (Tá liostaí ar leith i roghchlár faoi ‘EILE’ ar dheis.)
Is féidir teacht ar leaganacha kindle ón siopa kindle ar www.amazon.com agus tá fáil ar na leaganacha epub ón iliomad díoltóirí ar-líne ar nós Easons, Waterstones, Barnes & Noble srl. www.directebooks.com i measc díoltóirí eile. Is féidir na leabhair seo a cheannach trí iBooks ar ghléasanna de chuid Apple chomh maith.
Cúrsa Gaeilge do chainteoirí Béarla, agus é dírithe go háirithe ar eachtrannaigh agus orthu siúd go léir nár fhoghlaim an Ghaeilge i gcóras oideachais na hÉireann.
Cnuasach aistí ar theangeolaíocht na Nua-Ghaeilge, agus iad tiomnaithe don Ollamh Breandán Ó Buachalla.
An chéad chnuasach téagartha de rogha dánta an fhile seo. Aistriúcháin go Béarla le Gabriel Rosenstock. CD ag gabháil leis de dhánta áirithe á léamh ag an bhfile.
Sraith alt cuimsitheach ó pheann 14 údar ar ghnéithe éagúla den tsochtheangeolaíocht. Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo.
Eagrán nuachóirithe den treoirshaothar do na meáin ina gcuirtear forbairtí nua san earnáíl, na meáin nua san áireamh, plé ar chursaí eagarthóireachta agus gnéithe eile san áireamh.
Scéal idirnáisiúnta agus eachtraí il-leibhéil ann, ó pheann greanta Dermot Somers, máistir ar cheird an phinn agus ar ealaín na heachtraíochta daonna.
An chéad chnuasach gearrscéalta ó dhuine de na scríbhneoirí óga is fearr sa Ghaeilge. (Ar fáil mar ríomhleabhar.)
Dialann an deagóra Amy a chuireann síos ar eachtraí a cuid cairde agus ar na daoine fásta, cráite timpeall orthu. (Aois 12-15)
Tá Natasha gnóthach ag ullmhú don Ardteist nuair a thosaíonn a máthair ag briseadh na ngréithe agus nuair a bhailíonn a hathair leis i lár na hoíche.
Baile nua foirfe agus daoine deasa lonnaithe ann. Útóipe nua-aoiseach. Ach lá amháin téann Laoise Ní Bhroin ar iarraidh...
Saol an pháiste is ábhar don díolaim filíochta seo, agus a gcaidreamh leis na daoine fásta is tábhachtaí ina saol.
Gonta. Gonta croí, gonta anama, gonta coirp. Gonta a spreagann gníomhartha díoltais – agus dóchais. Seo cnuasach gearrscéalta faoi ghonta mhuintir Bahia.
Leabhar dátheangach faoin gcomhthéacs domhanda, teangeolaíoch agus éiceolaíoch a bhaineann le cás na Gaeilge.
Úrscéal do dhéaga óga faoi eolas á nochtadh... Ar Ghearrliosta do Ghradam Réics Carló 2011 agus Buaiteoir na Gradamdhuaise d'Fhicsean ag Gradaim Leabhair na Bliana CBI 2012.
Dúnmharfóir ban ar an gcósta thoir, é ag baint sásaimh as craos cortha a shamhlaíochta féin. Agus an bleachtaire Jack Hennessy ag dul sa tóir air, isteach linn i gcroílár an dorchadais. Ríomhleabhar ar fáil chomh maith Samhradh 2010.
Dúisíonn Eoghan Ó Broin i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh. Duaisleabhar Oireachtais do dhaoine óga.