ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Seanfhocla Chonnacht
Tomás S. Ó Máille, Donla uí Bhraonáin
Seanfhocla Chonnacht
Donla uí Bhraonáin a chóirigh an t-eagrán seo
ISBN: 978-1-901176-41-4
Foilsithe: 2010
Leathanaigh: 370
30.00 (leabhar agus CD)   ceannaigh an leabhar cló

Eagrán nua den bhunsaothar cuimsitheach le Tomás S. Ó Máille (Oifig an tSoláthair 1948; 1952). Bunábhar an bhailiúcháin athchóirithe agus curtha ar fáil do ghlúin nua in aon imleabhar tarraingteach amháin. CD-ROM mar áis chuardaigh san áireamh. Is féidir féachaint ar fhíseán ina gcuireann Donla uí Bhraonáin síos ar Seanfhocal Chonnacht anseo.

Sliocht

RÉAMHRÁ DON EAGRÁN SEO le Donla uí Bhraonáin

Bailiúchán fíorluachmhar é seo de sheanfhocla ó chontaethe iarthar Chúige Chonnacht a thiomsaigh T.S. Ó Máille ó bhéalaithris, ó lámhscríbhinní agus ó iriseáin agus ó pháipéir eile. Tá sé luachmhar mar gur tobar eolais é ar an nGaeilge mar a labhraítí í, agus mar a labhraítear í in áiteanna fós, sna ceantair sin agus ar na ceangail éagsúla a rianaíonn T.S. Ó Máille idir seanfhocla Chonnacht agus an seanfhocal go hidirnáisiúnta agus idir iad agus seanfhocla ársa i dteangacha éagsúla. Mar a fheicfear ó na nótaí an-iomlána a chuir T.S. Ó Máille leo, tá seanfhocla comhchosúla, uaireanta na seanfhocla céanna, i dteangacha éagsúla ar fud an domhain agus tá sin amhlaidh leis na mílte bliain. Tugann seanfhocla cuntas dúinn ar an gciall a bhaineann pobal as an saol, ar na creidimh agus na luachanna atá mar bhunchlocha ina mbeatha agus ina slí mhaireachtála. Tá comhairle iontu maidir leis an iompar atá oiriúnach i gcúinsí áirithe, rialacha faoi conas déileáil le gnáthchúrsaí an tsaoil. Cé gur teachtaireacht an-dáiríre a bhíonn ina bhformhór, cuirtear sin i láthair go minic le greann agus le híoróin.

Tá go leor le foghlaim as cuid de sheanfhocla Chonnacht faoin saol mar a bhíodh in Éirinn céad nó dhá chéad bliain ó shin – faoi bhochtanas, faoi chruatan, faoi chaidreamh le daoine eile. Ach, ceann de na rudaí is suimiúla faoi na seanfhocla is ea cé go bhfuil cúinsí saoil sa tír seo athraithe go mór le cúpla céad bliain anuas, nach bhfuil an teachtaireacht atá sa chuid is mó díobh imithe as dáta. Ar ndóigh tá athruithe móra le feiceáil idir dearcadh an lae inniu agus dearcadh na seanfhocla go ginearálta ar roinnt ábhar ar leith – mná, an lucht siúil, agus creideamh spioradálta go pointe áirithe.

Ceann de na gnéithe is suntasaí de na seanfhocla is ea an ghontacht agus an deisbhéalaí a bhaineann leo. Tá saibhreas teanga iontu, idir fhoirmeacha agus fhoclóra, a chuireann le gnáthchomhrá nó le scríbhneoireacht agus tá seanfhocla le fáil go flúirseach i saothar scríbhneoirí litríochta na nua-Gaeilge. Léiríonn an úsáid a bhain scríbhneoirí as seanfhocla a dtábhacht mar chuid den chumarsáid agus mar threoir don saol agus an tslí ina bhfeidhmíonn siad sa ghnáthchomhrá. Cuireann siad le saibhreas na teanga, mar shampla, in Dúil le Liam Ó Flaithearta, sna scéalta ‘Idir Shúgradh agus Dáiríre’ agus ‘Culaith le Cois’ le Máirtín Ó Cadhain, in Deoraíocht agus Rogha Scéalta, bailiúchán de scéalta le Pádraic Ó Conaire, in Lig Sinn i gCathú agus Sionnach ar mo Dhuán le Breandán Ó hEithir agus in An Tincéara Buí le Seán Ó Coistealbha (Johnny Chóil Mhaidhc).

Cuireann an Flaitheartach, Liam O’Flaherty (1896–1984), seanfhocla agus seanráite i gcomhthéacs Béarla san úrscéal staire Famine (1937). I nGort na gCapall in Árainn a d’fhás an Flaitheartach aníos agus tá leaganacha Béarla de sheanfhocla Gaeilge sa scéal aige chun freagairt na gcarachtar maidir leis an mbochtaineacht, an t-ocras agus gorta a chur in iúl agus chun a mheabhrú cé na dualgais a mhothaigh siad orthu féin agus i leith a gcomharsan. D’úsáid an Flaitheartach seanfhocla freisin chun meafair a chruthú, teanga a dhéanfadh cur síos ar an rud nárbh fhurasta a rá agus chun nósmhaireachtaí a chuid carachtar, mar a léirítear iad sa traidisiún béil, a chur in iúl. Mar shampla, léirítear creideamh an phobail gur daorbhreith ab ea an Gorta Mór (1845–52) sna seanfhocla a deir an seanfhear – Brian Kilmartin, ‘God sends famine to remind us of our sins, but He sends plenty to show His goodness. There’s riches in the earth for them that has patience with it’ (265). Nuair a áitíonn Kilmartin, an rud céanna níos faide amach sa leabhar, cuireann sé rithim agus cothroime an tseanfhocail ann, ‘God doesn’t send hunger for long, He sends it to remind us of our sins. But when we repent, He sends riches’ (286).

Seo thíos liosta gearr samplaí d’úsáid seanfhocla ag scríbhneoirí éagsúla. Ní liosta iomlán ar shlí ar bith é ach taispeánann sé, beagán, cé chomh nádúrtha is a bhí sé ag na scríbhneoirí sin iad a fhí isteach ina saothar, go háirithe mar chuid de chomhrá idir daoine. Ba luachmhar an rud é breis taighde a dhéanamh ar úsáid seanfhocla sa litríocht i dtaca le hathruithe atá tagtha ar theanga na litríochta i nGaeilge le céad, nó mar sin, bliain anuas. (Tagraíonn SFC don eagrán seo de Seanfhocla Chonnacht).

Ó Cadhain, M. Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939) sa scéal ‘Idir Shúgradh agus Dáiríre’ – ‘mar dar leis féin go raibh scéal an ghamhna bhuí á dhéanamh faoin tuile’ (15: SFC 4714), ‘bhí beirt bhan ar an mbaile agus lionn dubh mór os cionn a ngáire’ (17), ‘nárbh fhiú trumpa gan teanga é’ (18: SFC 5149), ‘bhí sé ina chath na bpunann’ (2: SFC 2671), ‘roinnt na caillí mar is áil léi féin é’ (2: SFC 3508), ‘ba lú ná frigh í máthair an drochábhair’ (12: SFC 629). Sa scéal ‘Culaith le Cois’ – ‘nuair a chuaigh an crú ar an tairne’ (56). Sa scéal ‘Aois na hÓige’ – ‘is níor shaill gan fiacha iad mar shochraideacha’ (102: SFC 4638).

Ó Coistealbha, S. (Johnny Chóil Mhaidhc) An Tincéara Buí (1962)—‘fear a d’ólfadh an chroch chéasta den asal’ (12: SFC 4111), ‘ní breáthacht a níos brachán, ach min, a Bhríd’ (13: SFC 1995), ‘cén mhaith bó ar bith ó shoirteas sí a cuid bainne?’ (13: SFC 3522), ‘dúirt mise leis gur tairne ina chónra gach gloine’ (13: SFC 607), ‘níorbh fhearr liom bróg na coise deise ná é’ (16: SFC 209), ‘dhá mhar a chéile an ball séire is a ghiolla’ (19: SFC 1811), ‘is maith an scéalaí an aimsir’ (26: SFC 3253), ‘nach iomaí lá sa gcill orainn’ (42: SFC 573).

Ó Conaire, P. Rogha Scéalta, (eag. de Faoite, D. 2008) sa scéal ‘Misneach’ – ‘Is ait an mac an saol’ (122). Deoraíocht (1994) –‘Ní mar a shíltear a dhéantar’ (28: SFC 93), ‘Mura bhfuil agat móin, déan do ghoradh le gréin’ (69: SFC 3971).

O’Flaherty, L. Famine (1979) – ‘God helps those who help themselves’ (63: SFC 2161 ‘Cuidíonn Dia leis an té a chuidíos leis féin’), ‘Trust in God. His help is nearer than the door’ (149: SFC 2468 ‘Is gaire cabhair Dé ná an doras’), ‘Charity begins at home’ (98: SFC 3512 ‘Tosaíonn déirc sa mbaile, ach ní cóir a chríochnú ann’).

Ó Flaithearta, L. Dúil, sa scéal ‘Teangabháil’ – ‘Is trua an té atá gan mac’ (115) agus ‘Deireann siad go bhfuil cead ag cat breathnú ar ríon’ (120).

Ó hEithir, B. Lig Sinn i gCathú (1982) – ‘bhí dhá insint ar an scéal ina dhiaidh sin’ (10: SFC 3164) agus seanfhocal is ea teideal a leabhair Sionnach ar mo Dhuán (1988) – (SFC 58).

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála