Cnuasach ilúdar d’aistí critice é seo ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge. (Tá tuilleadh sonraí faoin gclár in ‘Sliocht’ thíos.) Tugann údair na n-aistí léargas cuimsitheach ar shaothar filí éagsúla agus rianaíonn na príomhléamha critice a rinneadh ar an fhilíocht sin go dtí seo. Saothar tábhachtach tagartha é seo do mhic léinn agus do scoláirí a bhfuil suim acu i bhfilíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Tá sé dírithe ar an té nach bhfuil réamheolas cuimsitheach aige cheana ar shaothar na bhfilí ná ar theoiricí liteartha comhaimseartha. Is é an sprioc a bhaineann leis ná filí ár linne agus a saothar a chur in aithne do léitheoirí nua agus do ghlúin úr mac léinn. Tá sé dírithe ar lucht teagaisc agus foghlama ar an tríú leibhéal mar aon le léitheoirí sa ghnáthphobal ar mhaith leo blaiseadh d’fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Focal ón eagarthóir Rióna Ní Fhrighil
Brollach Gearóid Denvir
Máire Mhac an tSaoi Bríona Nic Dhiarmada
Michael Hartnett Róisín Ní Ghairbhí
Michael Davitt Tadhg Ó Dúshláine
Liam Ó Muirthile Pádraigín Riggs
Gabriel Rosenstock Ailbhe Ní Ghearrbhuigh
Cathal Ó Searcaigh Caitríona Ní Chléirchín
Nuala Ní Dhomhnaill Rióna Ní Fhrighil
Biddy Jenkinson Máire de Búrca
Gréagóir Ó Dúill Ciarán Mac Murchaidh
Seán Ó Curraoin agus Micheál Ó Cuaig Lillis Ó Laoire
Colm Breathnach Máirín Nic Eoin
Louis de Paor Caoimhín Mac Giolla Léith
Gearóid Mac Lochlainn Fionntán de Brún
Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge Rióna Ní Fhrighil & Róisín Ní Ghairbhí
Gearrliostaí léitheoireachta