ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Paidreacha na Gaeilge/Prayers in Irish
Paidreacha na Gaeilge/Prayers in Irish
ISBN: 978-1-901176-88-9
Foilsithe: 2008
Leathanaigh: 170
12.00 (bog)   ceannaigh an leabhar cló

‘Dréimire Pharthais is í an phaidir…’

Tá ceol is filíocht an phobail le fáil sa díolaim shuntasach seo de phaidreacha dúchasacha Gaeilge ón Mheánaois go dtí an lá inniu - paidreacha a tugadh ó ghlúin go glúin mar chuid den traidisiún béil. Le domhan na Gaeilge a bhaineann na paidreacha seo, agus tá teanga is rithim na seanamhrán le sonrú iontu.

Seo chugainn na haingle agus na haspail; Bríd agus a brat; Micheál agus a sciath; Naomh Pádraig agus Colm Cille Dhún na nGall. Maisithe le saothar Evie Hone, an t-ealaíontóir cráifeach, tugtar dúinn sa leabhar seo meascán de phaidreacha d’ócáidí ar leith, d’fhéiltí ar leith agus roinnt paidreacha móra, ina measc ‘Lúireach Phádraig’ agus ‘Caoineadh na dTrí Mhuire’. Tá an creideamh le sonrú iontu i nDia grámhar - chomh maith le ceiliúradh ar gach rud ‘ón ní is ísle crannchuir go dtí an t-ainm is airde’.

Léirmheasanna

‘Díolaim shuntasach de phaidreacha dúchasacha na Gaeilge ón Mheánaois go dtí an lá inniu atá sa leabhar álainn seo. Ba dheas mar smaoineamh ag na foilsitheoirí an leabhar a mhaisiú le saothar Evie Hone (1894-1955). Cuireann na pictiúir go mór le tarraingteacht an leabhair. Tugann an réamhrá dátheangach léargas ar chúlra agus ar fhoinsí na bpaidreacha.

Tá cuid mhór dá bhfuil sa leabhar seo foilsithe cheana: in Ár bPaidreacha Dúchais, in eagar ag Diarmaid Ó Laoghaire SJ (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) agus sa leabhar beag Saltair ón Athair Pádraig Ó Fiannachta agus an tAthair Des Forristal (Columba Press). Braithim mar bhua ag an leabhar seo thar an dá dhíolaim eile - a inléiteacht. Tugtar spás mór do na paidreacha éagsúla ar an leathanach. Fágann sin gur leabhar réasúnta mór é seo le láimhseáil. Tá slacht ar an leabhar ó thosach deireadh. Leabhar álainn é, ó thaobh crota agus ábhair de, ar fiú dúinn go léir é a bheith taobh linn ar éirí is ar dhul a luí dúinn.

Tá na paidreacha sa díolaim seo roinnte de réir téama: paidreacha móra do Dhia; d’Íosa Críost, don Spiorad Naomh agus do Mhuire; le haghaidh na Nollag agus na Cásca; d’ócáidí, agus mar sin de. Is deas iad na paidreacha do naoimh na hÉireann a chun Tadhg Ó Donnchadha (Torna). Ní nach ionadh, tá fíorbhlas an dúchais ar na paidreacha go léir. Tá siad líofa fileata, sa chaoi go dtiteann siad go héasca isteach sa chuimhne. Tá leaganacha snasta Béarla de gach paidir curtha ar fáil ag an údar dúinn, an bunleagan agus an t-aistriú ar gach ré leathanach, uaireanta. B’fhearr liom féin go mbeadh an dá leagan os mo chomhair amach, mar atá in Uimhir a 5, A Rí an Domhnaigh, seachas mar atá le hUimhir 1, mar a bhfuil an leagan Béárla ar chúl an bhunleagain. Leisce orm, go bhfóire Dia orm, an leathanach a chasadh.

In 1975, nuair a foilsíodh Ár bPaidreacha Dúchais, dúirt an tAthair Diarmaid Ó Laoghaire liom, go ndéana Dia trócaire air, nár mhaith leis go n-aistreofaí an leabhar go Béarla: ó ba chuid lárnach dár ndúchas creidimh na paidreacha seo, go mba chóir go gcuirfeadh daoine de dhua orthu féin iad a aimsiú sa bhunleagan Gaeilge. Pé seans a bhí ann go dtarlódh sin in 1975, ní dócha go dtarlódh sé inniu. Is maith ann iad na haistriúcháin dóibh siúd gur suim leo ár ndúchas creidimh ach atá gan aon Ghaeilge. Comhartha dóchais an dá phaidir álainn ag deireadh an leabhair ó dhaltaí Scoil Lorcáin i mBaile na Manach. Fásfaidh féar fós le cúnamh Dé!

Pádraig Ó Máille SPS, Timire: an chroí Naofa Earrach 2009

Bailiúchán an-bhreá de phaidreacha ár sinsir atá sa leabhar seo agus é maisithe le saothar suaithinseach de chuid Evie Hone. Is minic na paidreacha seo in ndánta nó tionchar na filíochta orthu. An t-ainchreidmheach féin, chaithfeadh sé a admháil go bhfuil áilleacht ar leith ag baint le go leor dár bpaidreacha dúchais. Is seoda ealaíne chomh maith le bheidh ina seoda spioradálta.

Tá soineantacht sna paidreacha seo nach bhfaightear mórán a thuilleadh, soineantacht atá ruaigthe ag an smairteáltacht:

A Ghobnait an dúchais A bhíodh i mBaile Bhuirne, Go dtaga tú chugamsa Le do chabhair is le do chúnamh.

Simplí go leor ach ina simplíocht atá cumhacht agus áilleacht na paidre sin. Is dócha, dáiríre, gur meascán a bhíonn ann go minic sna paidreacha seo den Chríostaíocht agus d’orthaí draíochta na Réamh-Chríostaíochta agus sin a thugann blas ar leith dóibh, dar liom. Seans gur chabhraigh an Eaglais Chaitliceach le meath na bpaidreacha dúchais - agus le meath na Gaeilge trí chéile - agus gur scaipeadh liotúirge nár oir chomh maith sin don mheon dúchasach. D’fhéadfá an rud céanna a rá, gan dabht, faoi chúrsaí ailtireachta is dealbhóireachta sa tír seo agus páirt na n-eaglaisí i dtréigin an dúchais.

Ar nós aon réimse eile de bhéaloideas - amhráin, scéalta, piseoga agus seanfhocail san áireamh - is deacair, uaireanta, nóiméad a gcumtha a shamhlú. Cén saghas daoine a chum na paidreacha seo? Cathain a dheineadar é? An chéad rud ar maidin? An rud deireanach istoíche? Ar tháinig na paidreacha uathu go nádúrtha, mar a thagann an chaint, nó ar deineadh saothrú orthu? Agus conas a scaipeadh iad?

Gnáthdhaoine cráifeacha a chum, is dócha, nuair a bhí an chráifeacht níos coitianta ná mar atá sí inniu. Agus cathain a stop an nós, is é sin le rá, cathain a tháinig deireadh le paidreacha a chumadh? An mná is mó a chum na paidreacha seo? Nó fir? Níl a fhios agam.

Seans gur mheath an paidreacha go mall in áiteanna áirithe agus go mb’fhéidir nach raibh fágtha ach gibiris ina n-áit. Bhí nath ag mo sheanathair agus nuair a d’inis mo mháthair dom ina thaobh mheasas gur leathghibiris a bhí ann, ‘A Thiarna Dia is a Rí na Tine’; n’fheadar, arsa mise léi, ar chuala tú i gceart é mar gur dócha gur ‘A Rí na Cruinne’ a bhí ann an chéad lá.

An rud nádúrtha é paidir a chumadh, paidir a rá? Deinim amach gurb ea. Agus an bhfuil rud éigin mí-nádúrtha ag baint le daoine a bhfuil domhan na bpaidreacha séanta acu? Tá, b’fhéidir. Scríobhas féin paidir, nó ortha, tráth, agus mé in Thekkady na hIndia. Bhíos cráite ar fad ag muiscítí:

Ortha in Aghaidh na Muiscítí A Naomh Colm Cille a raibh peata cuileoige agat Cosnaím sinn, impímid ort, ar na diabhail bheaga go léir MO chreach is mo chás! Atá ag teacht idir sinn agus codladh na hoíche. Múin míneas dóibh agus béasa Agus tabhair slán sinn as ucht Dé Sinne agus gach neach eile atá i bpéin anocht in Thekaddy. Áiméan

Ar oibrigh sé mar ortha? An freagra ar leathanach 145 den leabhar Ólann mo Miúil as an nGainséis! Féach anois ar an bpaidir álainn seo a leanas, Beannú an Tí. Samhlaigh fear an tí nó bean an tí a rá, nó b’fhéidir an bheirt acu á rá as béal a chéile. Cén taom a bhuail iad in aon chor gur stop siad a rá.

Go mbeannaí Dia na teach seo óna bhun go dtí a bharr, Go mbeannaí sé gach fardoras, gach cloch is gach clár, Go mbeannaí sé an teallach, an bord ar a leagtar bia, Go mbeannaí sé gach seomra i gcomhaí sámhchodladh na hoíche. Go mbeannaí sé an doras a osclóimid go fial Don strainséar is don bhochtán chomh maithe is dár ngaol, Go mbeannaí sé na fuinneoga a ligeann dúinn an léas Ó sholas geal na gréine, na gealaí is na réalta, Go mbeannaí sé na frathacha in airde os ár gcionn Is fós gach balla daingean atá ár dtimpeallú inniu. Go bhfana síocháin dá réir sin dár gcomharsana, cion is grá. Go mbeannaí Diat an mhuirear seo agam agus choimhéad ó bhaol, Is go stiúra sé sinn uile go dtí a ríbhrú féin.

Ceist. An bhfuil an phaidir sin á rá ag éinne níos mó? Mura bhfuil nárbh fhiú an phaidir sin - agus scata eile paidreacha atá sa leabhar aoibhinn seo - nárbh fhiú í a chur ar fáil i bhfoirm eile le go bhféadfaí é a chrochadh sa bhaile, pé acu as adhmad, as canbhás, as éadach nó eile a dhéanfaí é? Tá paidreacha breátha anseo agus bheidís an-oiriúnach le crochadh i mbialanna agus in ionaid oibre, dar liom.

Ach, ar ndóigh, mairimid i saol an-ait ar fad, an-cheartaiseach agus is dócha go mbeadh gearáin ann agus chaithfí iad a bhaint anuas. Is paidir é Beannú an Tí, áfach, a bheadh oiriúnach do thithe ar fud an domhain. Ní bheadh sé as áit san Afraic ná sa tSín: nach rud an-bhunúsach ar dad é a bhfuil ráite sa phaidir ó thús go deireadh. Féach ar an bpaidir seo:

Ná hamharc go minic ar do bhróig, Is ná déan stró ar do bhrat, Siúl go huiríseal i ród Agus beannaigh faoi dhó don duine bocht.

Ach tá traidisiún liteartha againn is sine ná nithe den chineál sin, traidisiún nach bhfuil a mhacasamhail áit ar bith eile san Eoraip ó thaobh aoise agus leanúnachais de. Soiléiríonn leabhar mar seo go bhfuil ár n-ábhar misnigh féin againn agus ábhar mórtais freisin, mar is leabhar é a bhfuil leagan amach an-taitneamhach air ar gach bealach. Is pléisiúr é lena láimhseáil, fiú sula dtosaíonn tú a léamh.

Má tá paidreacha sa leabhar seo a bhaineann le hÉirinn amháin agus le naoimh de chuid na tíre seo, tá, leis paidreacha ar nós na paidre thuas atá uilíoch amach is amach. Níl aon rud sa phaidir thuas atá ag teacht salach ar an mBúdachas ná ar aon mhórchreideamh eile. Ó mo thaobhse de, chaithfeadh an leabhar seo a bheith ar ghearrliosta Leabhar na Bliana.

Gabriel Rosenstock, Foinse, 30 Samhain 2008

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála