
Rugadh Antain Mac Lochlainn i gCúil Raithin, Contae Dhoire in 1965. Tá BA agus PhD sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh ar an mbaile sin. Tréimhsí caite aige le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina Phríomhtheagascóir sa Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, Ollscoil na hÉireann, Má nuad. D’fhoilsigh Cois Life treoirleabhar leis faoi cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air (Cois Life, 2000), agus treoirleabhar eagarthóireachta In Ord is in Eagar (Cois Life, 2009).
Tá duaiseanna agus sparánachtaí bainte ag a shaothar fiscin ón gComhairle Ealaíon, Seachtain na Scríbhneoirí, Oireachtas na Gaeilge, Comórtas Gearrscéalta Francis McManus RTÉ. Bhí a chéad úrscéal, Ruball an Éin (Cló Iar-Chonnachta, 2005), gearrliostaithe do Dhuaiseanna Glen-Dimplex 2006. Foilsíodh Malairt Scéil, Nuascéalaíocht ó Albain i 2006 (Cois Life, 2006).
Nuahonraithe Deireadh Fómhair 2010
Saothar taighde
In Ord is in Eagar (Cois Life, 2009)
Speaking Irish: An Ghaeilge Bheo (McGraw-Hill, 2007) [i gcomhar le Siuán Ní Mhaoinigh]
Ruball an Éin (Cló Iar-Chonnachta, 2005)
Focail le Gaois (Cois Life, 2002)
Bímis ag Léamh (Comhar, 2001)
Cuir Gaeilge Air! (Cois Life, 2000)
Úrscéalta
Malairt Scéil, Nuascéalaíocht ó Albain (Cois Life, 2006)