Rugadh Maolmhaodhóg Ó Ruairc i Ros Liath, Co. Fhear Manach sa bhliain 1941. Fuair sé a chuid bunoideachais i Scoil Naomh Tiarnach agus meánoideachas i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha. Bhain sé BA sa Fhraincis agus sa Ghaeilge amach ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad agus fuair sé Máistreacht sa Fhraincis ón Ollscoil chéanna tar éis bliain a chaitheamh ar staidéar iarchéime in Université de Grenoble.
Chuaigh sé chuig an mBruiséil sa Bheilg ag deireadh na 1970í. Chaith sé ocht mbliana fichead mar aistritheoir le Comhairle na nAirí san Aontas Eorpach agus tá sé ar pinsean anois. Bhí ráchairt mhór ar chuid de na saothair leis i réimse an aistriúcháin agus na teanga, a d’fhoilsigh Cois Life. Tá cuid mhór díobh as cló agus eisíodh arís iad ar CD-ROM iniata le Aistrigh Leat (2007). D’fhoilsigh An Gúm Athdhíolaim d’Abairtí Dúchasacha sa bhliain 2010. Tá sé pósta le Marie agus tá iníon amháin, Ailleann, agus beirt mhac, Tiarnán agus Rónán, acu. Tá cónaí air sa Bhruiséil.
Aistrigh Leat (Cois Life, 2007)
Ar thóir gramadach nua In search of a grammar (Cois Life, 2006)
Séamas Mac Annaidh agus macallaí sa scáthán (Cois Life, 2001)
I dtreo teanga nua (Cois Life, 1999)
Aistrigh go Gaeilge (Cois Life, 1997)
Ainmfhocail faoi réir a chéile: nótaí gramadaí (Institiúid Teangeolaíochta Éireann, 1996)
Díolaim d’abairtí dúchasacha (An Gúm, 1996)
Dúchas na Gaeilge (Cois Life, 1996)
Ó Chómhargadh go haontas (Comhar, 1994)
File na dílseachta: Staidéar ar théarmaí Airt Uí Mhaolfabhail in Aistí Dána (Mercier, 1974)