ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Aoife Valley ag Cois Life


Aoife Valley
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Aoife Valley

Rugadh Aoife Valley i dTuaisceart Éireann i 1976. Tógadh í idir na tailte portaigh cois Loch nEathach i dTír Eoghain agus limistéar uirbeach Craigavon in Ard Mhacha. Rinne sí staidéar sa Mhínealaín i Sasana agus i mBaile Átha Cliath agus chaith sí roinnt blianta ag obair i mbun na n-ealaíon pobail sa Tuaisceart agus i mBaile Átha Cliath.

Chuaigh sí ag taistil timpeall an domhain in 2004 agus chaith sí roinnt míonna sona I Meiriceá Theas, san Astráil agus san Áis. Scríobh sí Teach an Oighir (Cois Life, 2009), a céad scéal do leanaí i seomra breá aer-oiriúnaithe sa Téalainn. Sa tir sin spreagadh spéis sa mhachnamh inti freisin agus doimhníodh a cleachtadh machnaimh le blianta beaga trí dhianchúrsaí spioradálta in Éirinn agus i Sasana.

Faoi láthair tá sí ar an bhFál Carrach, Co Dhún na nGall ag obair mar dhearthóir gréasáin, ag teagasc machnaimh agus ag obair ar a cuid ealaíne. Féach www.aoifev.com le haghaidh níos mó eolais.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Teach an Oighir (Cois Life, 2009)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí