ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Pádraic Breathnach
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Rugadh Pádraic Breathnach i gCoill Bruachlán, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe in 1942. Feirmeoirí áitiúla ba ea a thuismitheoirí Liam agus Máire (Ní Ghabháin). Bhíodh aon duine dhéag clainne orthu, ba é Pádraig an séú duine acu. D’fhreastail sé ar Choláiste Mhuire, Gaillimh agus ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Ghnóthaigh sé céim sa Ghaeilge agus sa Stair agus rinne sé M.A. sa Ghaeilge ina dhiaidh sin agus Ard-Dioplóma san Oideachas. Chaith sé tamall ansin ag múineadh i nGaillimh, i dTiobraid Árann agus i mBaile Átha Cliath. In 1969 ceapadh é sé ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Coláiste de chuid Ollscoil Luimnigh.

Tá sé ar na scríbhneoirí is mó a shaothraigh an gearrscéal le scór bliain anuas agus tá scata bailiúchán curtha amach aige freisin. D’aistrigh Gabriel Rosenstock rogha dá shaothar gearrscéalaíochta go Béarla faoin teideal, The March hare and other stories (Cló Iar-Chonnachta, 1994). Aistríodh ceithre ghearrscéal leis go Béarla sa leabhar, Fourfront (Cló Iar-Chonnachta, 1998) agus tá saothair leis aistrithe go Cróitis, go hAlbáinis, go Rómáinis, agus go Polainnis chomh maith.

Tá leabhar staire foilsithe aige chomh maith, mar atá, Maigh Cuilinn: a tásc is a tuairisc (Cló Chonamara, 1986) agus chuir sé atheagrán ar fáil (le M. Seoighe agus S. Mac Muirí) de Príomhshruth Éireann (Bardas Luimnigh, 1994) le Mícheál Ó Braonáin. Bhronn an Foras Cultúrtha Gael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh air in 1992. Bronnadh an duais Oireachtais, Duais Chuimhneacháin Sheáin Uí Éigeartaigh 2003, air as Ingne Dearga Dheaideo (Cló Iar-Chonnacht, 2005) a scríobh. Is cnuasach gearrscéalta é ar réimse leathan ábhar: cosúil le cumha, le haois, leis an gcoimhlint shíoraí idir an sean agus an nua, agus leis an saol mar a fheictear don pháiste é.

Nuashonraithe Iúil 2013

Gearrscéalta

Deargadaoil i mBád fó Thoinn (Cló Iar-Chonnachta, 2012)
Ingne Dearga Dheaideo (Cló Iar-Chonnachta, 2005)
An Pincín agus scéalta eile (Cló Iar-Chonnachta, 1996)
Íosla agus scéalta eile (Clódhanna, 1992)
Taomanna (Cló Iar-Chonnachta, 1990)
Ar na tamhnacha (Clódhanna Teo., 1988)
Lilí agus fraoch (Clódhanna Teo., 1983)
Na déithe luachmhara deiridh (Clódhanna Teo., 1980)
An lánúin agus scéalta eile (Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1979)
Buicéad poitín agus scéalta eile (Clódhanna Teo., 1978)
Bean aonair agus scéalta eile (Clódhanna Teo., 1974 athchló 1984)

Úrscéalta

As na Cúlacha (Cló Iar-Chonnachta, 1998)
Gróga cloch (Cló Iar-Chonnachta, 1990)

Eile

Bróga páipéir agus stocaí bainne ramhair (Cló Iar-Chonnachta, 2007)

Taighde

Maigh Cuilinn: a tásc is a tuairisc (Cló Chonamara, 1986)
Nótaí ar ‘Dúil’, le Liam Ó Flaithearta (Mercier, 1970)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála