ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Declan Collinge
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Declan Collinge

Rugadh Declan Collinge i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí i gCaisleán Druimní i rang lán-Ghaelach. Bhain sé na céimeanna seo a leanas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath: BA agus Ardteastas san Oideachas, MA sa Léann Angla-Éireannach agus PhD sa Léann Angla-Éireannach (tráchtas ar fhilíocht Mhártín Uí Direáin).

Is file agus údar téacsleabhar Gaeilge é a bhfuil an tsraith Saibhreas agus téacsleabhair eile dá chuid foilsithe ag Mentor Books. Tá dánta foilsithe aige go rialta sna hirisí seo a leanas: Innti, Éigse Éireann, Comhar, An Guth, Riposte agus tá aistí liteartha foilsithe aige san Irish Literary Supplement agus in The Irish Review. Dánta agus ailt craolta aige ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ. Tá gearrscéalta leis foilsithe freisin. Foilsíodh an cnuasach filíochta is déanaí leis, Teachtaireacht Téacsa, in 2007 (Coiscéim, 2007).

Tá alt scríofa aige sa leabhar Remembering Michael Hartnett (Four Courts Press 2006) dar teideal ‘Inchicore Haiku: displaced poet’ agus dánta le haistriúcháin sa Crann Faoi Bhláth (Wolfhound 1991). Tá sé éirithe as múinteoireacht ó 2010 (bhíodh sé ag múineadh i gColáiste na gCnoc Glas, Baile Átha Cliath) ach bíonn sé fós ag scríobh téacsleabhar, Lasair, Léas, Gléasnótaí, ina measc le Mentor Books, mar aon le dánta dá chuid féin. Foilseofar Rogha Dánta agus Dánta Nua leis go luath amach anseo. Seinneann sé an giotár agus an harmonica. Tá cónaí air i dTeach Mealóg.

Filíocht

Teachtaireacht Téacsa (Coiscéim, 2007)
Common Ground (Inishfail Press, 1996)
Fearful Symmetry (Mentor Books, 1990)
Faoi Léigear (Coiscéim, 1986)
Sealgaireacht (Clóchomhar Teo., 1982)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí