ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Biddy Jenkinson
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Biddy Jenkinson

Ainm cleite is ea Biddy Jenkinson. Ní mian leis an mbanfhile seo go n-aistreofaí a saothar go Béarla in Éirinn agus chuir sí síos ar na cúiseanna atá leis sin i litir chuig an Irish University Review i 1991. Mar mhalairt cuireann sí leaganacha Fraincise ar fáil agus go hiondúil bíonn fáilte rompu.

Scríobh Máire Mhac an tSaoi alt critice ar a saothar dar teideal `Biddy Jenkinson: sampla d’imaistriú anama,’ in Leath na Spéire (An Clóchomhar, 1992) in eagar ag Eoghan Ó hAnluain.

Tá alt ag Máire Ní Annracháin ‘Biddy agus an Bandia’ sa chnuasach aistí in ómós do Sheán Ó Tuama: Saoi na hÉigse (An Clóchomhar Tta, 2000) in eagar ag Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin. Tá léirmheas ag Angela Bourke ar Rogha Dánta in Éigse Éireann/Poetry Ireland in imleabhar 72 agus léirmheas ag Michael Cronin ar Oíche Bhealtaine in imleabhar 87. Déanann Ciaran Carson An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire (Coiscéim, 2008) a phlé san alt ‘Tracking the Words’ san iris Fortnight (Bealtaine, 2008).

Thaibrigh Aisteoirí an Spidéil, ‘Mise, Subhó agus Maccó’ ar an ardán. Seán Ó Flaithearta a léirigh. Rinne Gearóid Ó Cairealáin agus Aisling Ghéar léiriú ar O Rajerum agus Mise, Subhó agus Maccó. Léirigh Darach Mac Con Iomaire Crosántacht in Amharclann Chois Fharraige. Mic léinn de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a ghlac páirt ann. Craoladh drámaí dá cuid ar Raidió na Gaeltachta go minic. Seán Ó Briain a chuir ag scríobh drámaí raidió í fadó.

Tá Biddy thar a bheith buíoch do Phádraigín Ní Uallacháin a chuir ceol le ‘Cruit Dhubhrois’ agus a chasann é ar a dlúthdhiosca Áilleacht.

Seo dán léi, thíos:

Nom d’un nom

Ainm bréige
go dtiocfad fíor.

Nuashonraithe Iúil 2013

Filíocht

Oíche Bhealtaine (Coiscéim, 2005)
Mis (Coiscéim, 2001)
Amhras Neimhe (Coiscéim, 1997)
Dán na hUidhre (Coiscéim, 1991)
Uiscí beatha (Coiscéim, 1988)
Baisteadh gintlí (Coiscéim, 1987)
Rogha Dánta (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000) [Seán Ó Tuama agus Siobhán Ní Fhoghlú, eag.]

Prós

Dúinnín Bleachtaire ar an Sceilg agus eachtraí eile (Coiscéim, 2011)
An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire (Coiscéim 2008) [gearrscéalta bleachtaireachta]
An Grá Riabhach (Coiscéim, 1999) [cnuasach de ‘gháirscealta’]

Scéalta do Dhaoine Óga

An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín (Coiscéim, 2007) [i bpáirt le Ríbó a dhein na pictiúir]
Púca Púca (Coiscéim, 2005) [i bpáirt le Ríbó a dhein na pictiúir]

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála