Cainteoir dúchais Gaeilge is ea Jackie Mac Donncha a rugadh i gCill Chiaráin i gConamara i 1946. Ba as Cill Chiaráin dá mháthair agus ba as an gceantar céanna dá athair. Chaith Séamas Ennis tamall le muintir athair Jackie ag bailiú béaloidis agus ceoil; léiriú is ea é sin ar an timpeallacht léinn dúchais inar fhás sé aníos.
Is i 1990 a chuaigh sé i mbun na scríbhneoireachta den chéad uair le linn dó a bheith ag baile. Is mar chaitheamh aimsire a tharraing sé an scríbhneoireacht chuige i dtús ama ach níorbh fhada gur léir go raibh bua ar leith aige. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta a chéad chnuasach filíochta Gaineamh Séidte sa bhliain 2003. Chuir an Dr Gearóid Denvir, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, síos ar Mhac Donncha mar ‘fhile fuinte, forbartha, lánfhileata’. Bhain gearrscéal dá chuid amach an phríomhdhuais sa chomórtas ‘Nuascéalaíocht ' a d’eagraigh an páipéar Foinse. Tá an scéal sin, agus scéalta eile, foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta sa leabhar ‘Nuascéalaíocht’
Bhain cartún ' Cúilín Dualach’ atá bunaithe ar ghearrscéal de chuid, gradam I.F.T.A. amach in 2005. Bhain sé gradam ag Féilte naisiúnta san Iodáil, an Spáinn, agus gradam ag an bhFéile Scannán Ceilteach sa Bhreatain Bheag i 2006. Ba iad Cartoon Saloon as Cill Chainnigh a rinne an anamúlacht, agus léiríodh i gcomhar le Sonta. Rinne TG4 agus Bord Scannán na hÉireann urraíocht air, faoin scéim ‘Oscailt’, de chuid TG4.
Oibríonn sé mar áisitheóir in dhá Mheánscoil ina cheantar féin, ag tabhairt ceardlanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach do na daltaí.
Filíocht
Gaineamh Séidte (Cló-Iar Chonnnachta, 2003)