ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Gearóid Mac Lochlainn
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Rugadh Gearóid Mac Lochlainn i mBéal Feirste agus bhí an ceol go láidir sa dúchas aige. Tá spéis aige i gcónaí sa cheol. Pléann a shaothar an bhaint atá ag an bhfilíocht le gach gné den saol - an pholaitíocht san áireamh. D’fhreastail sé ar Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste agus thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge ansin nuair a bhí sé aon bhliain déag agus féachann sé ar an nGaeilge mar phróiseas foghlama.

Tá tionchar an tsean-nóis le brath ar a cuid filíochta agus luann sé tionchair eile ina measc, reggae, dub, hip-hop, wacipi, filíocht na mBeats agus araile. Déanann sé cúram ar leith den chur i láthair nuair a bhíonn sé ag léamh go poiblí agus tá teicníc fhíoréifeachtach aige chun tuisle a bhaint de rithimí a chuid filíochta. Creideann sé gur ealaín ann féin, ealaín idir chorp agus ghutha atá sa chur i láthair agus thug The Irish Times ‘performance poetry for the 21st century’ ar an léamh a dhéanann sé.

Tá trí chnuasach foilsithe aige go dtí seo. Maidir leis an gcéad chnuasach Babylon Gaeilgeoir (An Clochán, 1997), dúirt Cathal Ó Searcaigh faoi sa réamhrá go raibh sé ‘ag séideadh anáil bheo na n-óg isteach i seanscamhóga na Gaeilge, ag cur an fhuil a choipeadh arís ina cuislí, ag cur fonn súirí uirthi i dtearmann an dáin’. Is é an dara cnuasach aige ná Na scéalaithe (Coiscéim, 1999).

Léiríonn an tríú cnuasach leis an dubhspéis atá aige san aistriúchán agus i ról an cheoil sa chur i láthair agus pléann sé na téamaí seo san fhilíocht agus sa tráchtaireacht in Sruth teangacha / Stream of tongues leabhar a bhfuil dlúthdhiosca den údair leis (Cló Iar-Chonnachta, 2002). Bhuaigh an bailiúchán seo Duais Michael Hartnett, Duais an Bhuitléaraigh (ón bhForas Gael-Mheiriceánach) agus Duais Eithne agus Rupert Strong.

Filíocht

Sruth Teangacha/Stream of Tongues (Cló Iar-Chonnachta, 2002)
Na Scéalaithe (Coiscéim, 1999)
Babylon Gaeilgeoir (An Clochán, 1997)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála