Rugadh Tomás Mac Síomóin i mBaile Átha Cliath i 1938. Fuair sé a chuid bunoideachais i Scoil na mBráithre, Sraith an Iarthair, Baile Átha Cliath. Bhain sé céim amach san Eolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is bitheolaí gairmiúil é a chaith tamall ag léachtóireacht i gColáistí Ollscoile Chorcaí agus na Gaillimhe. Chaith sé tamall i mbun taighde vireaseolaíochta san Ísiltír agus sna Stáit Aontaithe. Tá PhD aige ó Ollscoil Cornell, Nua Eabhrac. Bhí sé ina léachtóir bitheolaíochta sa Choláiste Réigiúnach, Sligeach, agus in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chaoimhín, sula ndeachaigh sé go lánaimseartha le scríbhneoireacht sa mbliain 1998. Chaith sé tréimhsí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Anois. Sna 1980í bhí sé páirteach san fheachtas chun stáisiún Gaeilge teilifíse a bhaint amach.
Bhain sé duais sa ghearrscéalaíocht san Oireachtas 1974 agus céad duais an Oireachtais le haghaidh cnuasach gearrscéalta in 2005. Bhain úrscéal dá chuid, An Tionscadal (Coiscéim, 2006), príomhdhuais liteartha an Oireachtais sa bhliain 2006.
Tá dánta agus ailt dá chuid aistrithe agus foilsithe sna teangacha seo a leanas: Pléimeannais, Sorbais, Rúisís, Catalóinis, Spáinnis, Briotáinis maille le bunábhar curtha ar fáil i mBéarla, i nGáidhlig agus i Spáinnis. Foilsíodh an t-úrscéal is déanaí leis Ceallaigh - Scéal on mBlar Catha (Coiscéim, 2009), i 2009. Tá úrscéal eile leis Fiachra idir lámha aige. Foilsíodh an cnuasach filíochta 21 Dán - 21 Poemes - 21 Poemas (Coiscéim, 2010) i 2010. Ar ndoigh, dán is fiche i dtrí theanga (Gaeilge, Spáinnis agus Catalóinis) atá ann. Foilseofar aistriúchán go Catalóinis ar An Tionscadal i 2010/2011 agus tá sé ag obair chomh maith ar chnuasach nua filíochta.
Bhí sé pósta agus tá ceathrar clainne aige maille le seisear garpháiste. Tá cónaí air ó 1998 sa Chatalóin.
Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010Filíocht
21 Dán - 21 Poemes - 21 Poemas (Coiscéim, 2010)
Scian (Sáirséal Ó Marcaigh, 1991)
Cré agus cláirseach (Sáirséal Ó Marcaigh, 1983)
Codarsnaí (Clódhanna,1981)
Damhna agus Dánta eile (Sáirséal & Dill, 1974)
Gearrscéalta
Cín lae seangáin agus scéalta eile (Coiscéim, 2005))
Úrscéalta
Ceallaigh -Scéal on mBlar Catha (Coisceim, 2009)
An Tionscadal (Coiscéim, 2007)
In inmhe (Coiscéim, 2004)
Ag altóir an diabhail: striptease spioradálta Bheartla B (Coiscéim, 2003)
Aistriúcháin
Pedro Páramo (Coiscéim 2008), aistriúchán ón Spáinnis ar úrscéal Meicsiceánach den teideal céanna le Juan Rulfo
Na cathracha caillte (Coiscéim, 2004), aistriúchán ar dhánta Spáinnise Ernesto Cardenal
Selected poems /Tacar dánta (Goldsmith Press, 1984), rogha dátheangach d’fhilíocht Mháirtín Uí Dhíreáin i gcomhar le Douglas Sealy
Mo Chroí san Afraic (An Gúm, 2002), aistriúchán ar El meu cor es diu Africa, úrscéal Catalóinise le haghaidh déagóirí le Victor Mora, i gcomhar le Carl Mac Gabhann
Paimfléad
Ó Mhársa go Magla: straitéis nua don Ghaeilge (Coiscéim, 2006)
Ceachtanna ón gCatalóin: teanga i ngleic le nualiobrálachas (Coiscéim, 2005)
Tuairisc ón bPluais: poblachtánachas agus litríocht in aois na scáth (Coiscéim, 2004)
Aiste
Macallaí na Cásca 1 1916: Leath-réabhlóid Paradacsa ait na Gaeilge (Coiscéim, 2006)
Saothar i dteangacha eile
Béarla:
Dánta i An Crann Faoi Bhláth-The Flowering Tree. Eag: Declan Kiberd agus Gabriel Fitzmaurice (Wolfhound,1991)
In irisí éagsúla in Éirinn, (Poetry Ireland, Cyphers) agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Gearmáinis:
Das zweimaleins des Steins-Poesie aus Irland. Die horen. Bremerhaven. 1998 (filíocht)
Einsamkeit i Erkundungen-30 irische Erzähler. Verlag Volk und Welt. Berlin. 1979. (gearrscéal)
Slóivéinis:
Alt faoi litríocht na Gaeilge agus dánta in Amanairis-Antologija sobobne knjizevnosti v irscini (Drustvo slovenskih pisateljev, Ljubljana, 2007)