
Rugadh agus tógadh Colette Nic Aodha i Sruthar, Contae Mhaigh Eo. D’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile i nGaillimh áit ar bhain sí céim sa Ghaeilge agus sa Stair amach. Rinne sí an tArdteastas san Oideachas ina dhiaidh sin agus d’oibrigh sí mar mhúinteoir meánscoile i gColáiste na Toirbhirte, Áth Cinn, Co. na Gaillimhe, an scoil ar fhreastail sí féin uirthi.
Tá dánta léi i nduanairí Field Day, IV agus V agus in The white page / An bhileog bhán: twentieth century Irish women poets (Salmon, 1999) a chuir Joan McBreen in eagar. Bhuaigh sí duais i bhFéile Filíochta Dhún Laoghaire i 1993. Cuireadh gearrscéalta léi i gcló sna hirisí Comhar agus Feasta agus sa nuachtán Lá Nua. Tá leabhar aici ar Raiftearaí an file: Raiftearaí, i gCeartlár a Dhaoine San Aonú hAois is Fiche (Coiscéim, 2009). Scéal Ón Oirthear (Coiscéim, 2009) an cnuasach filíochta is déanaí léi.
Scríobhann sí i mBéarla chomh maith. Foilseofar cnuasach nua Béarla léi, The Peeling of the Skin (Arlen House), i mbliana. Tá sí i mbun máistreachta sa Nua-Ghaeilge faoi láthair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair. Tá cónaí uirthi i nGaillimh lena triúr mac.
Seo, thíos, dhá dán dá cuid:
Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010Flaidireacht
Chomh bog le sciathán feithide ar uisce
eitlíonn do dhorú,
cuireann cuileoga bréagríocht cliste
orthu féin, corntar sreang copair
timpeall clúmh ildaite.
Teipeann ar mo lámha anásta
aon cheo cosúil leo a chruthú.
Méaracha luaineacha,
inchinn ghéar
ag trálaeireacht tríd mo chuid freagraí
fad is a shocraíonn tú do bhaoite.
Gach uile rud ina am féin.
Xian
Tá rúin ag seacht míle saighdiúir cré-bhrúite
le breis is dhá mhíle bliain.
Nuair a nochtaíodh ar dtús iad
thosaigh caonach ag creimeadh a ngéaga.
Cé mhéad duine a thit rompu
is iad i mbarr réime?
Cén chuid da gcorp féin
é cnámha dianscaoil a námhaid?
Tagann saineolaí ón mBeilg chun deireadh a chur
le ceathracha cineál fungas éagsúla…
Tá sé deacair deireadh a chuir leo ar fad
gan chabhair phroifisiúnta a fháil…
A dúirt urlabhraí faoi shaighdiúirí cré-bhruite
atá ag déanamh níos mó dochair dóibh féin
ná haon neach eile na laethanta seo.
Ba chóir iad a fhágáil faoin bhfód
áit a bhfuil na créatúir eile a mharaigh siad
© Colette Nic Aodha
Raiftearaí, i gCeartlár a Dhaoine San Aonú hAois is Fiche (Coiscéim, 2009)
Scéal Ón Oirthear (Coiscéim, 2009)
Ainteafan (Coiscéim, 2008)
Between Curse/Bainne Géar (Arlen House, 2006)
Sundial (Arlen House, 2005)
Ádh Mór (Coiscéim, 2004)
Gallúnach-ar-Rópa (Coiscéim, 2003)
Faoi Chrann Cnó Capaill (Coiscéim, 2000)
Baill Seirce (Coiscéim, 1998)