Rugadh Micheál Ó Conghaile i nGaillimh i 1962. Is é an dara duine is óige a rugadh dá thuismitheoirí: Colm Ó Conghaile, easpórtálaí sliogéisc agus feirmeoir beag as Inis Treabhair agus Bríd Ní Iarnáin, múinteoir as Bearna. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Inis Treabhair, Coláiste Éinde agus Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Bhain sé céim BA amach i 1983. Ba iad an Ghaeilge agus an Stair na príomhábhair a bhí sa chéim aige. Rinne sé Ard-Teastas san Oideachas i 1984 agus MA sa Stair i 1986. Chaith sé an bhliain acadúil 1984-5 ina Léachtóir Cúnta le Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel sa Charraig Dhubh agus bliain acadúil eile (1986-7) mar Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i mBaile Átha Cliath.
I 1985 bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht (CIC), comhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara. Tá breis is cheithre chéad leabhar agus dhá chéad caiséad / dlúthdhiosca eisithe ag Cló Iar-Chonnacht. Tá sé ar an bhfoilsitheoir ceoil traidisiúnta is táirgiúla in Éirinn agus ar an bhfoilsitheoir leabhar Gaeilge is mó sa tír. Tá sraith dlúthdhioscaí sean-nóis eisithe acu, agus sraith eile Guth an Ealaíontóra ar siúl i gcónaí, pacáistí leabhar agus téipeanna ina léann filí móra Gaeilge an lae inniu rogha dá saothar.
Is údar ilchumasach é. Tá filíocht agus gearrscéalta foilsithe aige chomh maith le húrscéal, dráma agus novella. Tá roinnt aistriúcháin déanta aige chomh maith. I 1997 bhronn an Foras Gael-Mheiriceánach an Butler Literary Award air. Sa bhliain chéanna foilsíodh an dara cnuasach gearrscéalta An fear a Phléasc (Cló Iar-Chonnacht, 1997). Fuair an gearrscéal Athair sa chnuasach céanna an duais Hennessy literary Award. Sa bhliain 1998 toghadh ina bhall den eagraíocht Aosdána é. Bhí a úrscéal Sna Fir (Cló Iar-Chonnacht, 1999) ar ghearrliosta The Irish Times Literature Awards in 2001. Is iomaí gradam eile a bronnadh air. Chaith sé seal ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus in Ollscoil Uladh Cúil Raithin (1999 - 2002). Go dTaga do Ríocht an dráma is déanaí leis (Cló Iar-Chonnacht, 2009).
Nuashonraithe 23/09/2010Filíocht
Comhrá Caillí (Cló Iar-Chonnachta, 1987)
Gearrscéalta
An Fear nach nDéanann Gáire (Cló Iar-Chonnachta, 2003)
Sách sean agus scéalta eile (Aistriúcháin) (Cló Iar-Chonnachta, 2002)
Fourfront (Cló Iar-Chonnachta, 1998)
An Fear a Phléasc (Cló Iar-Chonnachta, 1997)
Mac an tSagairt (Cló Iar-Chonnachta,1986)
Drámaí
Go dTaga do Ríocht (Cló Iar-Chonnachta, 2009)
Jude, (Cló Iar-Chonnachta, 2007)
Cúigear Chonamara (Cló Iar-Chonnachta, 2003)
The Connemara Five (Arlen House, 2006) [aistriúchán le hÚna Ní Chonchúir ar an dráma Cúigear Chonnamara]
Stair
Gnéithe d’Amhráin Chonamara ár Linne (Cló Iar-Chonnachta, 1993)
Conamara agus Árainn 1880-1980 (Cló Iar-Chonnachta, 1988)
Úrscéal
Sna Fir (Cló Iar-Chonnachta, 1999)
Novella
Seachrán Jeaic Sheáin Johnny (2002)
Aistriúchán
Ualach an Uaignis (Cló Iar-Chonnachta, 2002) [aistriúchán ar Lonesome West le Martin McDonagh]
Banríon álainn an Líonáin (Cló Iar-Chonnachta, 1999) [aistriúchán ar The Beauty Queen of Leenane le Martin McDonagh]
Cripil Inis Meáin (Cló Iar-Chonnachta, 2009) [aistriúchán ar The Cripple of Inishmann le Martin McDonagh]
Boicíní Bhóthar Kilburn, (Cló Iar-Chonnachta, 2009) [Aistriúchán ar The Kings of Kilburn Highroad le Jimmy Murphy]