ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Joe Steve Ó Neachtain
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Scríbhneoir, aisteoir, drámadóir, agus craoltóir is ea Joe Steve Ó Neachtain. Rugadh é sa Spidéal, Co. na Gaillimhe sa bhliain 1942. Tá sé ag scríobh go cruthaitheach ó 1969. Is é an gearrscéal is mó a shaothraíonn sé agus foilsíodh go leor acu ar irisí éagsúla. Tá amhráin scríofa freisin aige. Tá go leor duaiseanna buaite aige i gComórtais an Oireachtais.

Bronnadh Gradam Jacobs ar a shaothar sraithdhrámaíochta Baile an Droichid, a chraoladh ar Raidió na Gaeltachta ó 1985 go 1995. Bronnadh gradam litríochta Chló Iar-Chonnachta ar Clochmhóin (1998) i 1998 agus ainmníodh an saothar céanna do Dhuais Litríochta The Irish Times i 1999. Bronnadh gradam litríochta Chló Iar-Chonnachta arís air don úrscéal Lámh Láidir (2001) in 2002. Is é an saothar foilsithe is déanaí leis ná an dráma An Dé Deiridh (Cló Iar-Chonnachta, 2009). Tá sé le feiceáil sa sobaldrama ‘Ros na Rún’ ar TG4 faoi láthair. Tá cónaí air ar an gCré Dhubh sa Spidéal.

Gearrscéalta

Clochmhóin (Cló Iar-Chonnachta,1998)

Úrscéalta

Lámh láidir (Cló Iar-Chonnachta, 2001)
Scread mhaidne (Cló Iar-Chonnachta, 2003)

Filíocht

An Dé Deiridh (Cló Iar-Chonnachta, 2008)
De dhroim leice (Cló Iar-Chonnachta,1990)

Drámaí

In ainm an athar & níor mhaith linn do thrioblóid (Cló Iar-Chonnachta, 2006)
Faoi dheireadh thiar (Cló Iar-Chonnachta, 2008)

Eile

Fead Ghlaice (Cló Iar-Chonnachta, 1986)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí