ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Cathal Ó Searcaigh
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Rugadh Cathal Ó Searcaigh i gCloch Cheannfhaola i nGaeltacht Dhún na nGall i 1956. D’fhreastail sé ar Ollscoil Luimnigh mar a ndearna sé staidéar ar an bhFraincis, ar an nGaeilge agus ar an Rúisis. Ina dhiaidh sin thug sé faoin Léann Ceilteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Tá an-cháil air mar fhile.

Miontraigéide cathrach agus dánta eile (Cló Uí Chuirrín, 1975) ba theideal don chead chnuasach aonair uaidh agus foilsíodh dánta leis sa chnuasach Túirlingt (Carbad, 1978), a raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ina gcomhúdair air. Ba é a chéad chnuasach aonair eile ná Súile Shuibhne (Coiscéim, 1983) agus ceithre bliana ina dhiaidh sin tháinig Suibhne (Coiscéim, 1987) amach i nGaeilge amháin a foilsíodh An bealach ‘na bhaile ar dtús (Cló Iar-Chonnacht, 1991) mar phacáiste leabhar agus caiséad agus rinneadh leagan dátheangach de dhá bhliain ina dhiaidh sin faoin teideal Homecoming / An bealach ‘na bhaile (Cló Iar-Chonnacht, 1993) ina bhfuil aiste léirmhínithe le Lillis Ó Laoire.

Bailiúchán de dhánta ar théama neamhghnách go leor sa Ghaeilge, an grá aerach, atá in Na buachaillí bána (Cló Iar-Chonnachta, 1996). Leagan dátheangach den ábhar seo a bhí in Out in the open (Cló Iar-Chonnacht, 1997) agus rinne Frankie Sewell na haistriúcháin Bhéarla. D’fhoilsigh Comhairle Chontae Dhún na Gall an cnuasach Caiseal na gCorr i 2002.

Tá cnuasach dá dhánta ar fad bailithe faoin teideal Ag tnúth leis an tSolas 1975-2000 (Cló Iar-Chonnacht, 2001), a bhuaigh duais The Irish Times don litríocht sa Ghaeilge.

Ar na cnuasaigh is deanaí uaidh tá: By the Hearth in Mín a Leá (Arc Publications, 2005); Na hAingle ó Xanadu (Arlen House, 2005), agus Gúrú i gClúidíní: dánta nua (Cló Iarchonnacht, 2007). Tá dramaí foilsithe aige freisin: Oíche dhrochghealaí (Coiscéim, 2005) agus Mairimid leis na Misteirí agus Dramaí eile (Arlon House, 2006)

Scríobh sé a chéad shaothar próis i 2003, leabhar taistil Seal i Neipeal (Cló Iar-Chonnacht, 2003) agus tá roinnt drámaí scríofa aige chomh maith, ina measc, Mairimid leis na Mistéirí agus Tá an Tóin at Titim as an tSaol ach, gan amhras, is mar fhile atá aithne ag an bpobal air go príomha.

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála