ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Orna Ní Choileáin ag Cois Life
Canary Wharf
Orna Ní Choileáin
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
Sciorrann an tAm
Orna Ní Choileáin
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Orna Ní Choileáin
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Orna Ní Choileáin

Is ó iarthar Chorcaí do mhuintir Orna Ní Choileáin. Tá duaiseanna sa phrós cruthaitheach, san fhilíocht, sa drámaíochta agus sa ghearrscéalaíocht gnóthaithe aici san Oireachtas chomh maith le féilte Gaelacha eile. Scríobhann sí i mBéarla freisin agus bronnadh duais náisiúnta An Post uirthi. Tá léirmheasanna scríofa aici don iris Feasta agus don nuachtán Saol.

Tá mórshuim ag Orna sa cheol Gaelach freisin. Bhuaigh sí duaiseanna i gcomórtais ardán an Oireachtais, Feis Maitiú agus san Fheis Cheoil, agus bronnadh ard-ghradam na mbuaiteoirí Máirtín Uí Dhiomsaigh uirthi. Tá Órghradam an Uachtaráin bainte amach aici. Roghnaíodh í chun taispeántas a dhéanamh ar son Gaisce, Gradam an Uachtaráin, ag comhdháil idirnáisiúnta na nGradam i gCeanada agus arís ina dhiaidh sin in Hong Kong, mar a raibh lucht éisteachta idirnáisiúnta aici, ceannairí ríoga ina measc, agus í i mbun cainte agus amhránaíochta. Is maith léi mianach na scéalaíochta sna hamhráin agus b’in a ghríosaigh chun pinn í.

Cé nach raibh an Ghaeilge ag an dá ghlúin a chuaigh roimpi, tá Orna iontach bródúil go raibh an deis aici an teanga a fhoghlaim. Is é Canary Wharf (Cois Life 2009) an chéad cnuasach gearrscéalta Gaeilge atá foilsithe aici.

Canary Wharf (Cois Life 2009)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí