ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Rióna Ní Fhrighil ag Cois Life
Teagasc nó Sealbhú?
Rióna Ní Fhrighil, Máirín Nic Eoin
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Rióna Ní Fhrighil
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Rióna Ní Fhrighil

Ultach í Rióna Ní Fhrighil. Tá céim BA Idirnáisiúnta aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, M. Phil. ó Choláiste na Tríonóide agus PhD ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is léachtóir í i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Tá sainspéis aici i bhfilíocht chomhaimseartha an Bhéarla agus na Gaeilge, sa tsochtheangeolaíocht, i litríocht taistil na Gaeilge agus na Gearmáinise, i gcúrsaí critice agus sa teangeolaíocht fheidhmeach. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Thiomsaigh sí cnuasach ilúdar d’aistí critice dár teideal Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge (Cois Life, 2008).

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Aistriú Éireann (Cló Ollscoil na Banríona, 2008) [i gcomhar leis an Dr. Charlie Dillon]
Briathra Béithe agus Banfhilí: Filíocht Eavan Boland agus Nuala Ní Dhomhnaill (An Clóchomhar, 2008)
Teagasc nó Sealbhú? Múineadh agus Foghlaim na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal (Cois Life, 2009) [i gcomhar leis an Dr. Máirín Nic Eoin]
Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge (Cois Life, 2010)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí