ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Tom Mac Intyre ag Cois Life
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Tom Mac Intyre
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Tom Mac Intyre

Rugadh Tom Mac Intyre i gContae an Chábháin sa bhliain 1931. Scríobhann Tom i mBéarla agus i nGaeilge. Sular thosaigh sé ag scríobh go lánaimseartha in 1965, bhíodh sé ag múineadh in Clongowes Wood College, in Ollscoil Michigan agus in Williams College, Massachusetts. Bhain sé céim mháistir amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá drámaí, filíocht, gearrscéalta agus úrscéalta scríofa aige; agus toghadh ina bhall d’Aosdána é sa bhliain 1991.

Tá idir ghradaim agus aitheantas idirnáisiúnta faighte ag Tom ó na 1970idí i leith. Taibhrítear a chuid drámaí i mBaile Átha Cliath agus taibhríodh Doobally Black Way, drama dá chuid, i Londain agus i bPáras in 1979. Bhuaigh a dhráma, Caoineadh Airt Uí Laoghaire (Cois Life, 1998), duais Stewart Parker in 1999. Bhuaigh sé an The Irish Times / ESB Irish Theatre Best New Play Award le The Gallant John Joe (Skehana Productions) i mí an Mhárta 2002. Is é Only an Apple (New Island Books, 2009) an dráma is déanaí aige a taibhríodh in Amharclann na Mainistreach, rud a rinneadh in 2009 freisin.

Nuashonraithe Iúil 2013

Filíocht

Stories of the Wandering Mohn (Lilliput, 2000)
Ag caint leis an mBanríon (Coiscéim, 1997)
A Glance Will Tell You and A Dream (Dedalus, 1994)
Fleur-du-Lit (Dedalus, 1994)
I Bailed Out At Ardee (Dedalus, 1987)
Blood Relations: Versions of Gaelic Poems of the Seventeenth and Eighteenth Centuries (New Writers’ Press, 1972)

Gearrscéalta

The Word for Yes: New and Selected Stories (Gallery, 1991)
The Harper’s Turn, réamhrá le Seamus Heaney (Gallery, 1982)
Dance the Dance (Faber, 1969)

Drámaí

Only an Apple (Island Books, 2009)
Caoineadh Airt Uí Laoghaire (Cois Life, 1998)
Cúirt An Mheán Oíche/The Midnight Court (Cois Life,1999)
New Plays from the Abbey Theatre 1993-1995 (Syracuse UP, 1997)
‘Good Evening, Mr. Collins’in The Dazzling Dark: New Irish Plays (Faber, 1996)
The Great Hunger: Poem into Play (Lilliput, 1983)
Doobally Black Way (Taibhrithe i Londain agus Páras, 1979)

Úrscéalta

The Charollais (Faber, 1969)

Eile

Through the Bridewell Gate: A Diary of the Dublin Arms Trial (Faber, 1971)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála