ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Con Ó Ruairc ag Cois Life
Dúlra Oileáin Árann - FÉILIRE 2012 !!!
Con Ó Ruairc
5.00 (Féilire 2012 - lándaite) | as cló | eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Con Ó Ruairc
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Rugadh Con Ó Ruairc i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (BAgrSc, MAgrSc) agus Cornell (PhD).

Chaith sé 40 bliain ag obair le Teagasc mar eolaí planda, mar eagarthóir ar fhoilseacháin eolaíochta agus mar phleanáil taighde. Bhí Diseases of Grasses and Forage Legumes in Ireland i measc líon mór na bhfoilseachán eolaíochta a scríobh sé. Rinne sé eagarthóireacht ar fhoilseacháin éagsúla de chuid Teagasc lena n-airítear leabhair ar chré thrí Chontae in Éireann.

Chaith sé seal mar Uachtarán ar Institiúid Bitheolaíochta na hÉireann, Cathaoirleach ar Ehoiste Eolaíochta an RDS agus ar choistí éagsúla de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. D’eagraigh sé cláir ‘Bitheolaíocht Inniu’ do mhic léinn dara leibhéil leis an I.Biol.I agus chuir sé tús leis an gcéad chlár den chineál seo as Gaeilge.

Ó 1983 d’eagraigh sé léachtaí agus turais trí Ghaeilge ar Fauna agus Flora agus gheolaíocht Inis Meáin d’ábhair oide le linn a dtréimhsí sa Ghaeltacht. Thar na blianta bhí Éanna Ní Lamhna, Aisling Nic An tSithigh, Micheál Óg Ó Briain agus Con Breen ar a fhoireann teagaisc. Tá an clár seo ar Árainn níos ábhartha toisc go bhfuil nádúr agus eolaíocht curtha ar an siollabas bunscoile arís.

Rugadh Con Ó Ruairc i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, (BAgrSc, MAgrSc) agus Cornell (PhD).

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Le teacht

Dúlra Árann (Cois Life, 2012)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí