ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Labhrás Ó Finneadha ag Cois Life


Labhrás Ó Finneadha
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Labhrás Ó Finneadha

Sa Spidéal, i gCois Fharraige, a tógadh Labhrás Ó Finneadha. Lean sé cúrsa léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, mar ar bhain sé MA sa Ghaeilge amach. Chun na Gearmáine a chuaigh sé ansin, áit ar chaith sé dhá bhliain go leith ag obair in Ollscoil Wuppertal. D’fhill sé ar Éirinn ag tús an chéid, ach níor fhan sé mórán blianta ann nó gur chroch sé na seolta arís agus thug a aghaidh ar Lucsamburg. Bronnadh céim mháistreachta i ndlí an Aontais Eorpaigh air in 2009.

Tá giotaí beaga litríochta scríofa aige agus bhí dánta leis ar an ngearrliosta do Chomórtas Uí Néill (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge) in 2009 agus 2010. Fuair sé an chéad áit i gcomórtas an Oireachtais (2011) do shaothar ó scríbhneoir nár foilsíodh aon leabhar leis cheana.

Is é Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí (Cois Life, 2013) a chéad leabhar i nGaeilge

Nuashonraithe Lúnasa 2013

Aistriúchán

Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí (Cois Life, 2013)