|
Rugadh Máire Mhac an
tSaoi i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1922, an duine
ba shine den triúr clainne a rugadh do Sheán
agus Mhairéad (née de Brún) Mac an tSaoi.
Polaiteoir sinsearach ba ea a hathair, múinteoir ba
ea a máthair. D'fhreastail sí ar Scoil Alexandra,
mar a raibh a máthair ag múineadh, ar Chlochar
Loreto, Ráth Fearnáin, ar Ollscoil na hÉireann,
Baile Átha Cliath, agus ar an Institut des Hautes Études
en Sorbonne; chaith sí fós tréimhsí
fada ar Scoil Ghobnait i nDún Chaoin. Rinne sí
staidéar ar theangacha nua-aoiseacha agus ar an Léann
Ceilteach. Ar na daoine a chuaigh i gcion uirthi luann sí
a máthair go háirithe, Míchéal
Ó hAodha, Colm Ó Lochlainn, Gearóid Ó
Murchú, Roger Chauviré, an tOllamh Vendryes
agus go mór mór a huncail, an Mons. Pádraig
de Brún. Ó 1969 i leith tá cónaí
uirthi in Éirinn.
Chaith sí seal mar Scoláire
i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn
Bhaile Átha Cliath, agus dhá bhliain mar Scoláire
Taistil (1945-1947). Bhí sí ar fhoireann na
Roinne Gnóthaí Eachtracha ar seirbhís
sa Fhrainc, sa Spáinn, i Strasbourg agus ag na Náisiúin
Aontaithe, agus mar bhall d'fhoireann an English-Irish
Dictionary (Oifig an tSoláthair, 1959) faoi eagarthóireacht
an Ollaimh Tomás de Bhaldraithe. Tá saothar
sa Ghaeilge Chlasaiceach curtha in eagar aici agus ábhar
próis chomh maith, mar shampla Dhá sgéal
Artúraíochta (Institiúid Ard-Léinn
BhÁC,1946).
Áirítear Máire
Mhac an tSaoi ar fhilí móra Gaeilge na linne
seo. Tá an-eolas teicniúil aici ar fhoirmeacha
traidisiúnta agus ar an nGaeilge Chlasaiceach agus
cleachtann sí stíl thomhaiste ina cuid filíochta
a thugann filíocht na scol chun cuimhne - in ainneoin
gur file idirnáisiúnta, nua-aoiseach í.
Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh
sa Léann Ceilteach uirthi i 1991. Tá Mhac an
tSaoi ar na léitheoirí is áille dá
bhfuil ann i dteanga ar bith; is fiú éisteacht
leis an taifeadadh Máire Mhac an tSaoi: guth an
fhile (Cló Iar-Chonnachta, 1992).
Filíocht
Margadh na saoire (Sáirséal & Dill, 1956)
Codladh an ghaiscígh agus véarsaí eile (Sáirséal & Dill, 1973)
An galar dubhach (Sáirséal & Dill, 1980)
An cion go dtí seo (Sáirséal Ó Marcaigh, 1987)
Shoa agus dánta eile (Sairséal Ó Marcaigh, 1999)
Saothair
Aistriúcháin
Trasládáil (Lagan Press, 1997) [ bunleaganacha
Gaeilge móide a cuid aistriúchán go Béarla
ar dhánta le Maghnas Ó Domhnaill, Liam Dall
Ó hIfearnáin, Piaras Feirtéir agus eile]
Miserere (Gill & Macmillan, 1971) [aistriúchán
go Béarla ar dhánta le Mons. de Brún]
A heart full of thought (Dolmen, 1959) [aistriúchán
go Béarla ar dhánta ón nGaeilge]
Úrscéal
A Bhean Óg (Cló Iar-Chonnachta, 2001
Taighde
Cérbh í Meg Russell?
(Leabhar Breac, 2008) [i gcomhar le Máire Mac Conghail
agus Liz Ó Droma]
A Concise History of Ireland (Thames and Hudson, 1972) [i
gcomhar le Conor Cruise O'Brien]
Dírbheathaisnéis
The same age as the State (O'Brien Press, 2003)
Obair
Eagarthóireachta
Dhá sgéal Artúraíochta (Dublin
Institute for Advanced Studies, 1946)
Nuashonraithe Bealtaine
2009
|
|