Rugadh Séamas Mac Annaidh
i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1961, an duine ba shine
den cheathrar clainne a bhí ar a athair (bainisteoir
bainc as Tír Eoghain) agus a mháthair an Dr.
Ita Briscoe Bhí cónaí air in áiteanna
éagsúla: Muineachán 1961-1964; Dún
Dealgan 1964-1966; Inis Ceithleann 1966-1993 agus i nDoire
ó 1993 i Leith. Conaíonn sé lena bhean
Joy Beatty, a rugadh i Latharna agus a n-iníon Raphaelle,
a rugadh in 2001. Ghnóthaigh sé bunchéim
sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ó Ollscoil Uladh,
Cúil Raithin i 1982. Chaith sé ceithre bliana
ag obair mar chúntóir leabharlainne in Inis
Ceithleann ó 1984 go dtí 1988, agus mar scríbhneoir
cónaithe i Ollscoil Uladh agus in Ollscoil na Banríona
ina dhiaidh sin. Tá roinnt ceirníní eisithe
aige leis an ngrúpa Lonta Fhear Manach (ainm atá
bunaithe ar theideal a chéad úrscéil)
agus tá scannán déanta aige Misteach
Bhaile Átha Cliath (1995) do RTÉ agus BBC Uladh.
Ó 1991 tá sé
ag obair mar scríbhneoir/chraoltóir féinfhostaithe
agus bhí sé ina eagarthóir liteartha
ar LÁ go háirithe ar feadh tréimhse go
dtí 2003. Cé go bhfuil blúirí
scribhneoireachta cruthaithí foilsithe aige in áiteanna
eagsúla, agus úrscéal le Andrea Camilleri
aistrithe ón Iodáilis aige, Colún
deataigh (BÁC: Coiscéim, 1999) chomh maith
lena lán ábhar ar an stair áitiúil,
ní cosúil go bhfuil sé i gceist aige
bunúrscéal eile dá chuid féin
a sholáthar go fóill. Is ar an tríológ
d'úrscéalta atá scríofa aige a
bhraitheann a cháil: Cuaifeach mo lon dubh buí,
Mo dhá Mhicí agus Rubble na Mickies (BÁC:
Coiscéim, 1983, 1986 agus 1990 faoi seach) ach tá
cnuasach gearrscéalta Féirín, scéalta
agus eile (BAC: Coiscéim, 1992) agus úrscéal
i bhfoirm dialainne An deireadh (BÁC: Coiscéim,
1996) scíiofa aige chomh maith.
Tugadh ardmholadh don chéad
leabhar den tríológ nuair a foilsíodh
é agus níorbh fheadair éinne an raibh
tríológ beartaithe i ndáiríre
nó an amhlaidh go raibh an t-údar ag magadh
faoina chuid léitheoirí mar bhí féith
an ghrinn (agus an fhéin-chomhfheasa) le brath go láidir
san úrscéal. Is deacair cur síos go gairid
ar phlota Cuaifeach mo lon dubh buí, ach tá
stíl dá chuid féin aige agus atmaisféar
osréalaíoch dá réir. Tá
na príomhcharachtair sna déaga nó sna
fichidí luatha agus léirítear an-tuiscint
orthu agus an-mhacántacht. Is í féiniúlacht
an duine aonair an príomhthéama atá ag
an úrscéal neamhghnách seo. Díol
suntais dá lán daoine ba ea an méid Béarla
atá sa leabhar, ach úsáidtear an dá
theanga ar bhealach an-chliste chun fíricí áirithe
sochtheangeolaíocha a chur abhaile ar an léitheoir,
rud a bhaineann go dlúth le téamaí an
leabhair. Sa chuid lárnach den scéal is féidir
a áiteamh gur bildungsroman é Cuaifeach mo
londubh buí (agus an dá leabhar eile sa
tríológ), nó léiriú ar
aigne ann féin - ar nós Tristam Shandy sa Bhéarla
le Laurence Sterne. In ainneoin go bhfuil Mo dhá
Mhicí agus Rubble na Mickies ar ardchaighdeán
chomh maith, cuimhnítear go háirithe ar Cuaifeach
mo lon dubh buí, toisc a spleodraí agus
a éagsúla is a bhí sé. Tá
an-chuid léirmheastoireachta déanta ar Cuaifeach
mo lon dubh buí ach is fiú go háirithe
Séamas Mac Annaidh agus macallaí sa scáthán
(BÁC: Cois Life, 2001) le Maolmhaodhog Ó Ruairc
a léamh chun pictiúr dá shaothar iomlán
a fháil.
Ceapadh é ina scribhneoir
cónaitheach Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe é
mí Eanáir 2007.
Mr. Lisa agus Scéalta Eile (gearrscéalta) Coiscéim
2005 Diosco Dé (úrscéal) Coiscéim 2006
Tá saothar Béarla leis foilsithe fosta ar nós Irish History
Micropedia (Parragon); Fermanagh Books, Writers and
Newspapers of the Nineteenth Century (Marmara Denizi 1999)
Leabhar taistil: Les Noisettes de Lannion (Institiúid
Culturel de Bretagne (1997) traduit par Fulub Jakez (atá ar
fáil i bhFraincis amháin)