Cuntas é Rince ar na
Ballaí ar a chuid eachtraí sléibhteoireachta
agus dreapadóireachta sna hAlpa agus sna Himiléithe,
agus ar thuras dá chuid sa Sahára le camaill
agus conair ársa na ndíoltóirí
salainn á leanúint acu. Tá saothar foilsithe
ag Dermot cheana féin i mBéarla ach is é
Rince ar na Ballaí a chéad leabhar i nGaeilge.
Cuntas atá sa leabhar ar a shaol sléibhteora,
i stíl shnoite ardcheardúil. Eachtraí
a bhain de, daoine a bhí ina theannta, seanchas an
tsléibhe, agus a chuid tuiscintí féin
ar a cheird agus ar an daonnacht, atá ann agus an t-iomlán
fite aige i dtráchtaireacht leanúnach nach bhfuil
gann ar an ngreann bearrtha. Creidimid gur sárleabhar
é seo ó dhuine de scéalaithe agus de
ghuthanna sainiúla na haimsire seo. Tá na carachtair
agus na daoine curtha ina steillebheatha aige ar an leathanach
ar shlí a bheireann bua ar an scáileán
féin.
Tá grianghraif
Dermot féin sa leabhar mar aon le gluais de théarmaí
Gaeilge.
Is mór is fiú
an leabhar seo a léamh. Má tá an Ghaeilge
go lag agat iarr cabhair ó do chairde nó beir
greim ar fhoclóir. Bhí orm féin dul i
muinín foclóra ó am go ham ach d'ainneoin
sin bhaineas tairbhe agus taitneamh as. Ní amháin
go bhfuil cur síos an údair ar a chuid eachtraí
thar a bheith spéisiúil ó thaobh dreapadóireachta
de, ach tá léargas suimiúil le fáil
ann ar a shaol is a fhealsúnacht phearsanta. D'fhulaing
sé "blianta uaignis gan treoir gan éifeacht,
ach tochas nárbh fhéidir a shásamh".
Insíonn sé mar a bhain sé triail as reatha
trastíre agus subacqua. Bhí sé fiche
seacht an chéad uair a chonaic sé dreapadóireacht
is a leag sé féin lámh ar "greim
glan aille". Ar an bpointe, láithreach "bhí
mé ceangailte leis an gcarraig, diúl do mo lasadh
mar a bheadh splanc creidimh i bhfastú ionam".
Ar fheiscint dó na hAguilles bhí sé mar
an té atá "splanctha le fís".
Tháinig treo agus aidhm agus gliondar nua ina shaol
tar éis sin. Míníonn an t-údar
go liriceach an fáth gur thaitin dreapadóireacht
chomh mór sin leis. "Tá cuireadh sa charraig
do lúfaireachta an choirp, aclaíochta na hintinne,
dúshlán is ceiliúradh; tá faoiseamh
inti ó chuing na samhlaíochta". Tá
cur síos greannmhar ar a chéad iarrachtaí;
teipeanna ónar fhoghlaim sé críonnacht
sléibhteoireachta agus tuiscint a cheirde. Ón
am a bhfaca sé Éadan Brenva ón Tour Ronde
chinn sé ar é a dhreapadh. Do ghnóthaigh
sé an Route Major ar an Brenva in éineacht le
Calvin Torrans; bhí Emmet Goulding agus Harry O'Brien
taobh leo ag triail ar an bPiorra. Bhí a léargas
ar a chomrádaithe suimiúil agus báúil.
Seo a chuntas ar bheith ar bharr Mont Blanc; "Cuma cén
bealach a sroichtear é, tá aeraíocht
iontach sa láthair sin, sa radharc mórthíre;
amhail is dá mbeifeá ag eitilt nuair a d'osclófaí
an doras go ciúin is go bhfágfaí i do
sheasamh tú ar mion scamaill". Níos déanaí
bhí eachtraí aige sna Himiléithe, sa
Tibéid, agus tá cuntas suimiúil ar thuras
san Afraic, sa Sahara le camaill. I 1993 bhí sé
ar an fheachtas a cuireadh chun siúl chun barr Everest
a bhaint amach ón taobh thuaidh. Léiríonn
sé go suntasach a thábhachtaí is a bhí
an cur le chéile agus an comhoibriú san fhoireann
ar an ócáid sin. Ghlac gach duine lena chúram
féin. "Níor tugadh ordú ar bith.
Deineadh plé comhpháirteach chun teacht ar chinneadh,
ach is ar éigean a bhíodh gá leis".
Molaim an leabhar seo do chách. Gearán beag
amháin; cé go bhfuil na grianghrafanna suimiúil
ionta féin, tá a gclóidearacht go dona.
Bill Hannon, Irish Mountain Log, Summer 2003