Aoi-bhlag Alex Hijmans – An carn múirín 8 May 2014

Any piece of writing – be it fiction or non-fiction – should spend some time in the compost heap, Alex Hijmans writes in the fifth episode of his monthly guest blog on creative writing.

Tá an chéad dréacht críochnaithe: tá dán, gearrscéal, úrscéal nó dráma tugtha ó thalamh bán teibí na samhlaíochta go domhan coincréiteach an dúigh agus an pháipéir agat. Comhghairdeas! Anois, céard é an chéad chéim eile? Eagarthóireacht? Na drochphíosaí ar fad a ghearradh amach agus snas a chur ar an iomlán?

As ucht Dé ort, ná déan sin. Cuir uait do scian agus do cheirt sciúrtha agus cuir do chéad dréacht ar an gcarn múirín.

An carn múirín? Dóibh siúd nár rugadh faoin tuath nó nach bhfuil gáirdín acu: sin é an moll úd ag bun an gharraí ar a gcaitear duilleoga crann, craicne prátaí agus dramhaíl orgánach eile. Le himeacht ama agus le himeacht na séasúr, iompaíonn an fuíoll seo ina mhúirín – leasú talún den scoth.

Nuair a chuireann scríbhneoir deireadh leis an gcéad dréacht de shaothar ar bith, bíonn sé i ngrá lena bhfuil díreach scríofa aige: breathnaíonn sé ar an toradh is déanaí óna pheann mar a bhreathnaíonn tuismitheoir óg ar pháiste atá díreach tagtha ar an saol. Ní fheiceann sé aon locht. Nó má fheiceann, bíonn ceangal chomh láidir sin aige lena dhréacht úr nach mbíonn sé de mhisneach aige athruithe a bhfuil gá leo – athruithe ollmhóra, seans – a dhéanamh.

Ar an gcúis sin, is fearr am a thabhairt do phíosa scríbhneoireachta tar éis na breithe. É a chur i leataobh, ar an gcarn múirín. Ligint do chúpla lá, cúpla seachtain, cúpla séasúr dul thart. Sa tréimhse sin, taitníodh sé leat nó ná taitníodh, tiocfaidh athrú ar do shaol féin. Titfidh tú i ngrá nó scarfaidh tú ó leannán, bogfaidh tú thar lear nó bogfaidh tú abhaile. Fiú muna n-athraíonn ach an aimsir, beidh cuma nua ar phíosa scríbhneoireachta ar bith tar éis tamaill ar an gcarn múirín – toisc go mbreathnóidh tú féin air le súile nua. Agus tiocfaidh tú ar thuiscintí nua dá bharr.

Cén t-achar ar cheart an chéad dréacht a chur i leataobh? Brathann sé sin ar fhad an phíosa scríbhneoireachta. Mothaím gur leor mí ar an gcarn múirín do ghearrscéal, ach thabharfainn leathbhliain ar a laghad d’úrscéal. Faoi láthair, táim i mbun eagarthóireachta ar shaothar beatháisnéise. Tá breis agus bliain ann ó scríobh mé an chéad chúpla caibidil, agus dá bharr sin, bhí mé in ann breathnú orthu sin go fuarchúiseach agus sceanairt a dhéanamh orthu sna háiteanna ar ghá. Ach anois, agus mé ag druidim le deireadh an dréachta, táim ag obair ar chaibidil nár chríochnaigh mé ach mí ó shin – agus mothaím go bhfuil próiseas na heagarthóireachta níos deacra dá bharr. Níl dóthain ama caite ag an gcaibidil seo ar an gcarn múirín; tá sí ró-ghar do mo chroí fós le go bhfeicfinn na lochtanna atá uirthi i gceart.

Do mo chuid scríbhneoireachta ficsin amháin a bhaininn úsáid as coincheap an charn mhúirín i dtosach ama. Ach chonacthas dom go bhfuil tábhacht chomh mór sin leis an sos seo don chéad dréacht go gcuirim píosa scríbhneoireachta ar bith i leataobh anois, sula ndéanaim eagarthóireacht air – ailt iriseoireachta san áireamh. Cuirim gné-ailt i leataobh ar feadh lae ar a laghad; chaith an aiste atá á léamh agat faoi láthair seachtain ar an gcarn múirín.

Ó am go chéile, tharlódh sé nach mbíonn an t-am agat chun an sos a theastaíonn ó phíosa scríbhneoireachta áirithe a thabhairt dó. Brú oibre, spriocdháta nach féidir a chur siar. I gcásanna mar seo, mothaím gur siúlóid fhada amuigh faoin spéir – nó snámh, má bhíonn an aimsir go maith – an gar is mó gur féidir a dhéanamh do do shaothar, agus duit féin.

Tar éis don chéad dréacht tréimhse a chaitheamh ar an gcarn múirín, tagann an t-am gur gá tús a chur leis an eagarthóireacht dháiríre. Ar an drochuair, áfach, is minic a chuireann an saol pleananna an scríbhneora ó mhaith – breis faoi sin an mhí seo chugainn.

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life.  Is féidir iad a cheannach anseo >>

 

Aoi-bhlag Alex Hijmans – Peann ar pháipéar »