Fógra maidir le suíomh idirlín Chois Life 14 July 2021 – Posted in: Nuacht

Is teachtaireacht thábhachtach í seo a bhaineann le do chuid sonraí logáil isteach ar shuíomh idirlín Chois Life. Mar is eol duit, tháinig Cois Life faoi chúram Chló Iar-Chonnacht ag tús na bliana 2020, agus mar sin is teachtaireacht í seo ó Chló Iar-Chonnacht maidir le do chuid sonraí ballraíochta ar www.coislife.ie. Tiocfaidh deireadh leis an suíomh www.coislife.ie ag deireadh mhí Iúil 2021 agus cuirfear deireadh freisin leis na sonraí ballraíochta agus logáil isteach a bhaineann leis…

Léigh tuilleadh

Gradam Réics Carló agus Gradam de Bhaldraithe ag Cois Life 3 Deireadh Fómhair 2019 – Posted in: Nuacht

Tá Cois Life an-bhródúil gur éirigh le dhá shaothar leis sna Gradaim Foilsitheoireachta 2019. Bronnadh Gradam Réics Carló ar Cois Life don saothar Boscadán le hÁine Ní Ghlinn, maisithe ag Kirsten Shiel. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe den chéad uair riamh don tsraith File ar Fhile. Comhghairdeas le hÁine Ní Ghlinn, Kirsten Shiel agus na haistritheoirí ar fad: Liam Ó Muirthile (nach maireann), Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh.

Léigh tuilleadh

Gearrliosta na nGradam Foilsitheoireachta 27 Meán Fómhair 2019 – Posted in: Nuacht

Tá Cois Life an-bhródúil go bhfuil naoi leabhar againn ar na gearrliostaí do na Gradaim Foilsitheoireachta. Tá Gráinne – Gaiscíoch Gael le Siobhán Parkinson (an leabhar deireanach riamh ó Cois Life) ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin. Tá Boscadán (Áine Ní Ghlinn), Nóinín (Máire Zepf) agus Spéirling (Orna Ní Choileáin) ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló. Tá an tsraith File ar Fhile ar an ngearrliosta don ghradam nua don aistriúchán liteartha – Gradam…

Léigh tuilleadh

Seolfar an tsraith File ar Fhile ar an 20 Bealtaine 15 May 2019 – Posted in: Nuacht

Seolfar an tsraith File ar Fhile Dé Luain seo chugainn, ag ócáid chomórtha i gcomhar leis an bhféile IMRAM agus ILFD – ticéid ar fáil anseo nó ag an doras. Tosnóidh an ócáid ag a 6pm le léamh ag Doireann Ní Bhriain, tionlacan ceoil ag Colm Ó Snodaigh agus ealaín le Margaret Lonergan, agus ina dhiaidh sin, plé faoin tionscadal leis na filí: Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh.…

Léigh tuilleadh