Seolfar ‘Oilithreach pinn’ ar an Aoine 17 Deireadh Fómhair 2017 – Posted in: Nuacht

Seolfar an leabhar nua le Liam Ó Muirthile, Oilithreach pinn, an Aoine bheag seo an 20 Deireadh Fómhair. Is mar chuid de chlár Fhéile IMRAM a reáchtálfar an ócáid i bhfoirgneamh Éigse Éireann ar Chearnóg Parnell, 6.00–7.00pm. Shiúil Liam an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a… Léigh tuilleadh

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 fógartha 6 Deireadh Fómhair 2017 – Posted in: Nuacht

Fógraíodh gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin (Oireachtas na Gaeilge) an tseachtain seo ar an 4 Deireadh Fómhair. Tá gliondar croí orainn go bhfuil trí leabhar le húdair linne ar an ngearrliosta i mbliana. Is iad na saothair uilig atá ainmnithe i mbliana ná: ... An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín Conaire Mór Seacht nDoras na Cinniúna le Diarmuid Johnson (Foilsithe ag Leabhar Breac) Corp an Duine Uasail, úrscéal grafach le Pénélope aistrithe ag Darach Ó Scolaí… Léigh tuilleadh

CRUINNSCRÍOBH: Ceachtanna ar líne anois 21 Lúnasa 2017 – Posted in: Nuacht

An raibh a fhios agat go bhfuil ceachtanna Cruinnscríobh na Gaeilge ar fáil ar ár suíomh nua? Tá siad ann d’éinne a bhfuil fonn orthu feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Tagann na ceachtanna leis na caibidlí atá sa leabhar cló le Ciarán Mac Murchaidh. Muna bhfuil tú cinnte faoi na pointí gramadaí is fiú staidéar a dhéanamh orthu, is féidir leat an ‘Ríomhdhiagnóis tosaigh’ a dhéanamh. Is é seo an chéad cheacht ar… Léigh tuilleadh

SAMPLA: An fuíoll feá / Wood cuttings 1 Lúnasa 2017 – Posted in: Nuacht

AN FUÍOLL FEÁ Cual connaidh an gheimhridh, an fuíoll feá ar fad á láimhseáil á gcarnadh i gcoinne na binne le toise súl don sorn ar ball, ach de réir a dtoisí féin go fóill á socrú mar a oireann, ár n-ál. A meá, a snoí, a luí, a gcineál, beith, iúr, uath, fuinseog, scafaire na páile ag guailleáil slatairí craoibhe ar an gcosán, cuirfear srian lena mhianach lasrach sa dóiteán fós is baol. Gach… Léigh tuilleadh