Cogar i gcluais don scríbhneoir úr le hÁine Ní Ghlinn 7 Samhain 2016 – Posted in: Agallaimh, Scríbhneoireacht, Údair

Comhrá le hÁine Ní Ghlinn faoina modh scríbhneoireachta tar éis di Gradam Réics Carló a ghnóthú don dara uair as a chéile. Céard a mholfá don léitheoir gur mhaith léi bheith ina húdar? Mholfainn dó nó di a bheith ag léamh. Gach sórt scéil, gach sórt leabhair. Bí ag léamh agus ag léamh agus ag léamh. Chomh maith leis sin, mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh a bheith ina údar fáilte a chur…

Léigh tuilleadh

Freagraíonn Alex Hijmans ceisteanna an phobail faoina leabhar nua 26 Meán Fómhair 2016 – Posted in: Agallaimh, Scríbhneoireacht, Údair

  1.Is é An tearmann an dara húrscéal agus an cúigiú saothar leat atá foilsithe ag Cois Life. Cad a spreag tú chun an leabhar seo a scríobh? Níl aon réiteach éasca ar an gceist achrannach a spreag plota an leabhair seo: na coimhlintí idir treibheanna bundúchasacha sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm) agus úinéirí talún. Bhí fonn orm an cheist sin a chíoradh dom féin i bhfoirm úrscéil. Níor tháinig mé ar fhreagra…

Léigh tuilleadh

Aiséirí – Alex Hijmans (2011) 20 Eanáir 2011 – Posted in: Agallaimh

San fhíseán gairid seo a taifeadadh sa Bhrasaíl, labhraíonn Alex Hijmans faoin gcéad úrscéal atá scríofa aige, Aiséirí (Cois Life, 2011) a chuireann síos ar bhean óg as an Ísiltír a fhaigheann post i siopa caifé i nGaillimh. D’fhiafraíomar d’Alex, tharla gur bhunaigh sé féin siopa caifé Gaelach i nGaillimh fad a bhí sé ann, cé gaol a bhí idir an taithí sin agus an scéal seo. Foilsithe ag Cois Life (Baile Átha Cliath 2010) agus le…

Léigh tuilleadh