‘Scáthán’ na bliana seo seolta in DCU 27 Aibreán 2018 – Posted in: Nuacht

Seoladh eagrán 2018 d’Iris Ghaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo. Bhí Liam Carson agus Dairena Ní Chinnéide i láthair mar aíonna speisialta chun an iris a sheoladh. Léigh Ní Chinnéide – atá ina scríbhneoir cónaithe san Ollscoil i mbliana – an dán ‘Mórtas Cine’, dán a cumadh in omós d’Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn. Tá Caoimhe Nic Lochlainn ar phainéal eagarthóireachta na hirise, agus tá alt léi san iris féin.…

Léigh tuilleadh

LÉIGH: Léirmheas Tuairisc.ie ar ‘Ainmhithe na hÉireann’ 12 Aibreán 2018 – Posted in: Nuacht

‘Gaeilge shimplí fhileata agus léaráidí galánta i leabhar nua faoi fhiadhúlra na hÉireann.’ Tá an chéad léirmheas faighte againn ar shaothar úr uainn: Ainmhithe na hÉireann. Aistriúchán atá ann ar shaothar Béarla My First Book of Irish Animals le Juanita Browne (Browne Books, 2014). Fidelma Ní Ghallchobhair a d’aistrigh. Méabh Ní Thuathaláin ó Tuairisc.ie a scríobh an léirmheas agus tá gliondar croí orainn gur bhain sí taitneamh chomh mór sin as: ‘Leabhar é atá dírithe…

Léigh tuilleadh

ÉIST: Siompóisiam Éilís Ní Dhuibhne 15 Márta 2018 – Posted in: Nuacht

Ar an 25 Eanáir 2018, reáchtáladh siompóisiam ar shaothar Éilís Ní Dhuibhne san Institiúid don Léann Daonna sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinneadh taifeadadh ar na cainteanna agus tá siad anois ar fáil mar phodchraoladh ó Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta UCD. Is féidir éisteacht leis na cainteanna anseo thíos, nó is féidir na comhaid a íoslódáil go díreach ó Soundcloud. Painéal #1: Derek Hand, Máire Ní Annracháin, Giovanna Tallone agus… Léigh tuilleadh

ÉIST: Scéal Gaeilge ar ‘Book on One’ 12 Márta 2018 – Posted in: Nuacht

An tseachtain seo, beidh 'Leathbhealach idir na Gates agus an Galtymore' le Alex Hijmans á chraoladh ar an gclár 'Book on One' ar Raidió 1. Cuirfear tús leis an scéal anocht an 12 Márta 2018 ar 11.20pm agus craolfar cuid ar leith den scéal gach oíche idir seo agus Dé hAoine. Féadann tú éisteacht leis ach úsáid a bhaint as seinnteoir digiteach RTÉ ag an nasc seo thíos: http://www.rte.ie/radio/radioplayer/rteradiowebpage.html# Ceannaigh an leabhar >> Léigh sliocht… Léigh tuilleadh