BOLD GIRLS: údair CL páirteach i bhfeachtas Leabhair Pháistí Éireann 8 Márta 2018 – Posted in: Nuacht

‘An áit a mbíonn mná bíonn clampar’ mar a dúirt an té a dúirt. Bhuel anois, nár chóir go mbeadh! Bíodh muinín ag cailíní óga astu féin, as a tuairimí, agus as raic a thógáil! Tá Leabhair Pháistí Éireann ag tabhairt aitheantas don tábhacht agus don fhiúntas a bhaineann le clampar na mban agus clampar na gcailíní leis an togra BOLD GIRLS. Díríonn BOLD GIRLS ár n-aird ar scór banúdar/banmhaisitheoir a bhfuil saothar tábhachtach don… Léigh tuilleadh

ÉIST: Podchraoladh ClubLeabhar.com – Scriorrann an tAm 20 Feabhra 2018 – Posted in: Nuacht

Is é leabhar na míosa seo ag ClubLeabhar.com ná Sciorrann an tAm le hOrna Ní Choileáin, cnuasach gearrscéalta a d’fhoilsíomar in 2014. Is iad léirmheastóirí na míosa seo ná Siún Ní Dhuinn (Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge le RTÉ) agus Ronan Doherty (mac léinn PhD i Roinn na Nua-Ghaeilge i Má Nuad). Dar le Siún go molfadh sí an leabhar seo do dhuine atá ag filleadh ar fhoghlaim na Gaeilge, ós rud é go bhfuil an stíl…

Léigh tuilleadh

ÉIST: Podchraoladh ‘Motherfoclóir’ 9 Feabhra 2018 – Posted in: Nuacht

Agus Féile Vailintín ar na bacáin, pléann muintir Motherfoclóir saothar linne: Filíocht Ghrá na Gaeilge / Love poems in Irish in eagar ag Ciarán Mac Murchaidh. Déanann siad aithris ar neart dánta atá ar fáil sa chnuasach, agus pléann siad téama an ghrá i bhfilíocht na Gaeilge. Podchraoladh de chuid @theirishfor is ea 'Motherfoclóir' ina bpléitear focail, an Ghaeilge, focail Ghaeilge agus focail ó Éirinn. Éist anois le heagrán na Féile Vailintín: Na dánta a… Léigh tuilleadh

Seolfar ‘Oilithreach pinn’ ar an Aoine 17 Deireadh Fómhair 2017 – Posted in: Nuacht

Seolfar an leabhar nua le Liam Ó Muirthile, Oilithreach pinn, an Aoine bheag seo an 20 Deireadh Fómhair. Is mar chuid de chlár Fhéile IMRAM a reáchtálfar an ócáid i bhfoirgneamh Éigse Éireann ar Chearnóg Parnell, 6.00–7.00pm. Shiúil Liam an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a… Léigh tuilleadh

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 fógartha 6 Deireadh Fómhair 2017 – Posted in: Nuacht

Fógraíodh gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin (Oireachtas na Gaeilge) an tseachtain seo ar an 4 Deireadh Fómhair. Tá gliondar croí orainn go bhfuil trí leabhar le húdair linne ar an ngearrliosta i mbliana. Is iad na saothair uilig atá ainmnithe i mbliana ná: ... An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín Conaire Mór Seacht nDoras na Cinniúna le Diarmuid Johnson (Foilsithe ag Leabhar Breac) Corp an Duine Uasail, úrscéal grafach le Pénélope aistrithe ag Darach Ó Scolaí… Léigh tuilleadh