CRUINNSCRÍOBH: Ceachtanna ar líne anois 21 Lúnasa 2017 – Posted in: Nuacht

An raibh a fhios agat go bhfuil ceachtanna Cruinnscríobh na Gaeilge ar fáil ar ár suíomh nua? Tá siad ann d’éinne a bhfuil fonn orthu feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Tagann na ceachtanna leis na caibidlí atá sa leabhar cló le Ciarán Mac Murchaidh. Muna bhfuil tú cinnte faoi na pointí gramadaí is fiú staidéar a dhéanamh orthu, is féidir leat an ‘Ríomhdhiagnóis tosaigh’ a dhéanamh. Is é seo an chéad cheacht ar… Léigh tuilleadh

SAMPLA: An fuíoll feá / Wood cuttings 1 Lúnasa 2017 – Posted in: Nuacht

AN FUÍOLL FEÁ Cual connaidh an gheimhridh, an fuíoll feá ar fad á láimhseáil á gcarnadh i gcoinne na binne le toise súl don sorn ar ball, ach de réir a dtoisí féin go fóill á socrú mar a oireann, ár n-ál. A meá, a snoí, a luí, a gcineál, beith, iúr, uath, fuinseog, scafaire na páile ag guailleáil slatairí craoibhe ar an gcosán, cuirfear srian lena mhianach lasrach sa dóiteán fós is baol. Gach… Léigh tuilleadh

Torthaí Scéim na gCoimisiún: Leabhair ar na bacáin 5 July 2017 – Posted in: Nuacht

Tá torthaí Scéim na gCoimisiún fógartha ag Foras na Gaeilge. Dáileann Scéim na gCoimisiún coimisiúin i measc lucht liteartha na Gaeilge sa chaoi is go gcinnteofar soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta. D’éirigh linn coimisiún a fháil do sheacht leabhar; úrscéalta stairiúla, leabhair do dhéagóirí agus scéinséir ina measc. Gabhann Cois Life buíochas le Foras na Gaeilge as a chuid cúnaimh agus guímid gach rath ar na húdair agus iad ag dul i mbun pinn! Is iad seo…

Léigh tuilleadh

LÉIRMHEAS: Áine Ní Ghlinn ag plé ‘I dtír mhilis na mbeo’ 29 Meitheamh 2017 – Posted in: Nuacht

Rinneadh plé ar I dtír mhilis na mbeo ar an gclár ‘Údar cainte’ ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo. Roghnaíodh an leabhar le Colm Ó Ceallacháin do ‘Léirmheas litríochta na seachtaine’ ar an gclár, ina raibh Áine Ní Ghlinn, file agus scríbhneoir, istigh sa stiúideo chun an saothar a phlé. Is é I dtír mhilis na mbeo, an chéad chnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin. Labhair Áine go bríomhar faoin gcnuasach, ag rá go… Léigh tuilleadh

Aon Scéal? – ‘An ríomhaire ilteangach’ faoi chaibidil 13 Meitheamh 2017 – Posted in: Nuacht

An mhí seo caite, rinneadh plé ar An ríomhaire ilteangach ar ‘Aon Scéal?’ ar Raidió na Life. Labhair an t-údar Michal Boleslav Měchura faoin leabhar, ag tagairt do thábhacht an leabhair i gcomhthéacs na teicneolaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is treoirleabhar é An ríomhaire ilteangach a thugann léargas ar nósanna feidhme ríomhairí ó thaobh láimhseáil teanga de. I ndiaidh an phlé le Michal, labhair an léirmheastóir Eoin McEvoy faoina chuid tuairimí ar an… Léigh tuilleadh