Alex Hijmans – an scéal agus an suíomh, ar Tuairisc.ie 12 Márta 2017 – Posted in: Scríbhneoireacht, Údair

Tá colún scríofa ag Alex Hijmans ar Tuairisc.ie ina labhraíonn sé faoi shuíomh an scéil agus an tionchar a bhíonn aige sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Labhraíonn sé faoin áit a bhfuil a úrscéal is déanaí, An tearmann, lonnaithe — agus faoin gcaoi a chum sé an áit shamhalta sin. Ach an oiread le duine a mbeadh teach á thógáil aige, mar sin, ní mór don scríbhneoir a bheith cúramach agus suíomh á roghnú aige. Ar ndóigh, ní…

Léigh tuilleadh

Colm Ó Ceallacháin ar Tuairisc.ie 4 Márta 2017 – Posted in: Scríbhneoireacht, Údair

Tá píosa scríofa ag údair linne, Colm Ó Ceallacháin ar Tuairisc.ie faoin scríbhneoireacht. Seo blaiseadh beag de: Scríobhaim go páirtaimseartha, is é sin, scríobhaim nuair is féidir liom. Glacaim leis gur cacamas a bheidh sa chéad dréacht (is sa dréacht deiridh freisin, b’fhéidir), rud a shaorann mé le scríobh gan srian. Má ritheann an t-ádh liom beidh rud éigin – téama, coibhneas, líne comhrá fiú – le tarrtháil ón bpraiseach seo, rud éigin gur féidir…

Léigh tuilleadh

Orna Ní Choileáin ag scríobh do Writing.ie 2 Márta 2017 – Posted in: Scríbhneoireacht, Údair

Scríobh údar linne, Orna Ní Choileáin, aoi-bhlag ar writing.ie le déanaí, ag cur síos ar na deacrachtaí is mó a bhaineann le scéalta a scríobh do léitheoirí óga. Inspreagadh scríbhneoireachta Thug mé faoi deara go raibh easpa leabhar sa seánra fantasaíochta i nGaeilge agus theastaigh uaim an bearna a líonadh. Nuair a shocraigh mise gur leabhar le vaimpír a bheadh á scríobh agam, theastaigh uaim go mbeadh sé éagsúil ón méid a bhí ar fáil cheana.…

Léigh tuilleadh

Cogar i gcluais don scríbhneoir úr le hÁine Ní Ghlinn 7 Samhain 2016 – Posted in: Agallaimh, Scríbhneoireacht, Údair

Comhrá le hÁine Ní Ghlinn faoina modh scríbhneoireachta tar éis di Gradam Réics Carló a ghnóthú don dara uair as a chéile. Céard a mholfá don léitheoir gur mhaith léi bheith ina húdar? Mholfainn dó nó di a bheith ag léamh. Gach sórt scéil, gach sórt leabhair. Bí ag léamh agus ag léamh agus ag léamh. Chomh maith leis sin, mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh a bheith ina údar fáilte a chur…

Léigh tuilleadh

Freagraíonn Alex Hijmans ceisteanna an phobail faoina leabhar nua 26 Meán Fómhair 2016 – Posted in: Agallaimh, Scríbhneoireacht, Údair

  1.Is é An tearmann an dara húrscéal agus an cúigiú saothar leat atá foilsithe ag Cois Life. Cad a spreag tú chun an leabhar seo a scríobh? Níl aon réiteach éasca ar an gceist achrannach a spreag plota an leabhair seo: na coimhlintí idir treibheanna bundúchasacha sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm) agus úinéirí talún. Bhí fonn orm an cheist sin a chíoradh dom féin i bhfoirm úrscéil. Níor tháinig mé ar fhreagra…

Léigh tuilleadh