ÉIST: Podchraoladh ClubLeabhar.com – Scriorrann an tAm 20 Feabhra 2018
Is é leabhar na míosa seo ag ClubLeabhar.com ná Sciorrann an tAm le hOrna Ní Choileáin, cnuasach gearrscéalta a d’fhoilsíomar in 2014.
Is iad léirmheastóirí na míosa seo ná Siún Ní Dhuinn (Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge le RTÉ) agus Ronan Doherty (mac léinn PhD i Roinn na Nua-Ghaeilge i Má Nuad).
Léigh sliocht as an leabhar >>
Cnuasach gearrscéalta ó údar Canary Wharf. An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht. Is minic í ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol agus uaireanta is priaclach an saol é sin! Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith. Bí ag faire amach! Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin.
Bhí Sciorrann an tAm ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana, in 2014.