Éist siar: ‘Greim na vaimpíre’ á mheas ar Raidió na Life 22 Márta 2017

An Luan beag seo caite, cuireadh leabhar nua Orna Ní Choileáin faoi bhráid éisteoirí Raidió na Life, agus é pléite ar an gclár Aon Scéal? Is é teideal an leabhair ná Greim na vaimpíre agus bhí Niamh Ní Chadhla i láthair chun é a phlé leis an láithreoir Róisín Adams.

Ní raibh ceann ar bith de na scéalta vaimpíre eile léite ag Niamh sular thug sí faoin leabhar seo, ach dar léi níor chuir sé sin aon bhac uirthi agus an scéal á léamh aici.

“Bhí a fhios agam go raibh na carachtair sna scéalta agus sna leabhair eile agus b’fhéidir nach raibh aithne ró-mhaith agam orthu […] ach bhain mé taitneamh as an scéal agus bhraith mé gur thuig mé é – níor chuir sé isteach air sin […[ níor chuir rud ar bith mearbhall orm.”

“Rud eile a thaitin liom agus nach bhfuil tugtha faoi deara agam i leabhair eile Ghaeilge ná an teanga nua-aimseartha agus comhaimseartha a bhí in úsáid ag an údar […] focail a bheadh in úsáid go forleathan ag lucht an aos óg faoi láthair.”

Éist leis an gclár ar fad anseo thíos, agus tá an léirmheas le cloisteáil ó 21.10 ar aghaidh:

Greim na vaimpíre

Caitheann Marius, an vaimpír, a shaol ar a sháimhín só fad is atá a sháith rollóga figí aige. In ainneoin iarrachtaí a chara Ailfí, is beag suim a chuireann Marius i gcúrsaí an tsaoil mórthimpeall air go dtí go dtugann sé faoi deara cailín atá pas beag cosúil leis féin. Éiríonn an vaimpír níos dána agus é ag iarraidh a chuid buanna buacacha vaimpíreacha a léiriú di.

Tá imní an domhain ar Ailfí go dtarraingeoidh an vaimpír aird air féin. Nach bhfuil an ceart aige a bheith buartha! Ní gach duine atá sásta maireachtáil taobh le vaimpír, fiú más feoilséantóir é…

Ceannaigh an leabhar >>

« Seolfar ‘I dtír mhilis na mbeo’ ar an 20 Aibreán
Alex Hijmans – an scéal agus an suíomh, ar Tuairisc.ie »