Freagraíonn Alex Hijmans ceisteanna an phobail faoina leabhar nua 26 Meán Fómhair 2016

 

1.Is é An tearmann an dara húrscéal agus an cúigiú saothar leat atá foilsithe ag Cois Life. Cad a spreag tú chun an leabhar seo a scríobh?

Níl aon réiteach éasca ar an gceist achrannach a spreag plota an leabhair seo: na coimhlintí idir treibheanna bundúchasacha sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm) agus úinéirí talún. Bhí fonn orm an cheist sin a chíoradh dom féin i bhfoirm úrscéil. Níor tháinig mé ar fhreagra críochnaitheach.

2. Maidir le do mhodh scríbhneoireachta féin, an mbíonn am seasta agat nó an bhfanann tú go dtagann an inspioráid agus an mbíonn tú sona sásta nuair atá píosa críochnaithe agat nó an mbíonn fonn ort athraithe a dhéanamh fiú nuair atá sé foilsithe?

Éirím go luath ar maidin, luím isteach ar an obair agus críochnaím ag a ceathair sa tráthnóna, tá sé chomh simplí leis sin. Ní bhíonn rogha ag pluiméir, ag báicéir nó ag freastalaí i dteach caife ach an oiread ach dul ag obair. Cén fáth a mbeadh an scéal difriúil do scríbhneoir? Tosaíonn an draíocht a dtugtar inspioráid uirthi nuair a bhíonn an duine i mbun oibre. Dá bhfanfadh duine uirthi sula dtosódh sé ag obair, seans nach scríobhfadh sé focal go brách.
Maidir le fonn a bheith orm athruithe a dhéanamh ar phíosa scríbhneoireachta atá foilsithe cheana féin: tá a leithéid déanta agam! Tá gearrscéal i mo chnuasach Gonta, ‘Deich nóta ghorma’, a ndearna mé athruithe móra air tar éis don chnuasach sin a theacht amach. Is maith liom an scéal áirithe sin a léamh ag ócáidí poiblí anois chun seans a thabhairt don leagan nua. Ní rud é seo a tharlaíonn go minic, áfach.

3. Agus tú tar éis tamall a chaitheamh ag plé le mionteanga, cé chomh deacair is atá sé do dhuine dúchais na hOllainnise i dtimpeallacht Portaingéilise scríobh i mionteanga? An dtitear idir trí stól?

Ní dóigh liom go bhfuil ‘titim idir stólta’ ar bith i gceist. Ólaim as tobar na Gaeilge, na hÍsiltírise agus na Portaingéilise, agus go deimhin as tobar an Bhéarla freisin. Bíonn teagmháil agam leis an gceithre theanga sin go laethúil. I nGaeilge a scríobhaim den chuid is mó, agus is nós é sin seachas cúiseachas. Is é an chaoi gur tháinig mé in inmhe mar scríbhneoir i nGaeilge agus go mbreathnaím ar phobal na Gaeilge mar threibh lena mbainim. Ach ní hé sin le rá nach mbainim le treibheanna eile freisin. In ainneoin a gceaptar, is féidir le duine níos mó ná trá amháin a fhreastal.
Sin ráite, mothaím uaim dhá rud: teagmháil phearsanta leis an dream a léann mo chuid leabhar, agus an deis mo chuid oibre a thaispeáint don dream a bhfuil cónaí orm ina measc.

4. Bíonn tú ag scríobh mar gheall ar chultúr dúchasach atá faoi ionsaí, i mionteanga atá faoi ionsaí – an bhféadfá labhairt faoi aon cheangal a fheiceann tú idir an dá rud?

Gan amhras feicim ceangal idir an dá rud, ach aithním freisin go mbíonn contúirt na comparáide éasca ann. Is minic a cheapann duine nó dream atá faoi ionsaí gur ag a leithéidí féin – duine nó dream a mbeadh cos-ar-bholg á imirt air – a bhíonn an ceart i gcoimhlint ar bith. Theastaigh uaim dúshlán an dearcaidh sin a thabhairt sa leabhar seo. Bíonn dhá thaobh ag gach uile scéal.

5. Mar fhocal scoir is minic a léirítear d’fhoghlaimeoirí teanga an t-aistear foghlama a thug tú ort féin chun an Ghaeilge a shealbhú. Mar eachtrannach a shealbhaigh an teanga, an mbeadh aon fhocail ghaoisiúla agat d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge?

Ná bíodh faitíos ar dhaoine roimh leabhair i nGaeilge, agus ná bíodh náire orthu dul i muinín an fhoclóra.


 

« Gailearaí: Seoladh Cinnlínte le Deaglán de Bréadún
Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: I measc na dTeifeach »