Gearrliosta na nGradam Foilsitheoireachta 27 September 2019

Tá Cois Life an-bhródúil go bhfuil naoi leabhar againn ar na gearrliostaí do na Gradaim Foilsitheoireachta.
Tá Gráinne – Gaiscíoch Gael le Siobhán Parkinson (an leabhar deireanach riamh ó Cois Life) ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin. Tá Boscadán (Áine Ní Ghlinn), Nóinín (Máire Zepf) agus Spéirling (Orna Ní Choileáin) ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló.
Tá an tsraith File ar Fhile ar an ngearrliosta don ghradam nua don aistriúchán liteartha – Gradam de Bhaldraithe. Fógrófar na buaiteoirí Dé Máirt seo chugainn ag ócáid i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath.