Leabhar nua: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana 1 Meán Fómhair 2014

Tá an t-ochtú leabhar sa tsraith monagraf Lúb ar Phár ar fáil anois. Sa saothar seo, ríomhann Conchúr Mag Eacháin scéal na téarmaíochta Gaeilge le linn na hAthbheochana go dtí 1927 nuair a chuir an Roinn Oideachais de Rialtas Shaorstát Éireann coiste téarmaíochta ar bun. Féachtar ar staid na téarmaíochta Gaeilge lena linn sin agus déantar iniúchadh ar an phlé a rinneadh faoi mhaoirseacht shaothrú na téarmaíochta maidir le coistí nó acadaimh téarmaíochta agus eile. Scrúdaítear seifteanna ceapadóireachta na téarmaíochta idir chumadóireacht agus iasacht, agus ról na teanga beo agus theanga na seanlitríochta i nuachóiriú an fhocalstóir Gaeilge. Breathnaítear ról agus stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus ar an tionchar a d’imir sé sin ar thuairimí phobal na Gaeilge i dtaobh na teanga agus na téarmaíochta féin. Tá réimse leathan de na hailt agus de na foinsí bunaidh curtha san áireamh sa saothar – rud a chuireann go mór le tuiscint an lae inniu ar mhórscéal seo na hAthbheochana.

Sliocht as caibidil 2:

‘”Milis an teanga an Ghaedhealg,/Guth gan chabhair choigcríche (Mac Giolla Eáin 1900: 17)” Is línte filíochta iad seo a leagtar ar Sheathrún Céitinn de ghnáth agus an file clúiteach ag moladh acmhainn na Gaeilge, cé go ndeir Cunningham (2000: 128) nach móide gur chum an Céitinneach na véarsaí seo. Ar ndóigh, tuigtear nach fíor an méid sin i gcás na Gaeilge ná i gcás teanga ar bith eile go dearfa, mar a mhaíonn Jespersen: ‘No language is ever entirely free from borrowed words, because no nation has ever been completely isolated’ (1922: 208); agus Thomason: ‘Language contact is everywhere: there is no evidence that any languages have developed in total isolation from other languages’ (2001: 8). Ag brath ar chúrsaí polaitiúla agus sóisialta agus ar theagmháil le cultúir agus le teangacha eile bhí téarmaí nua ag teacht isteach sa Ghaeilge ar dhóigheanna éagsúla.

ISBN: 9781907494413
Praghas: €20
Ar fáil ar www.coislife.ie

Aoi-bhlag Alex Hijmans – Rialacha agus uirlisí na ceirde »