Gradam Uí Shúilleabháin, Leabhar Gaeilge na Bliana 1999
Is cóngaraí don osréalachas ná don réalachas an cnuasach seo le Seán Mac Mathúna. Níl ort ach breathnú ar an gclúdach chun é seo a thuiscint. An dearadh? Úll mór agus an teideal, Banana, os a chionn. Níl aon fhírinne le brath sa loighic, nó pléisiúr ach oiread. Spéis ag Mac Mathúna i gcás an duine – na nithe amaideacha, na nithe cróga, na nithe scannalacha a dheinimid go léir.
Tarraingíonn Mac Mathúna sna scéalta as tobar domhain eispéireas chun tart an léitheora a mhúchadh. An réalachas cathrach agus réalachas na tuaithe. An saol comhaimseartha agus saol a óige i gCiarraí. Cuirfidh na scéalta seo sinn ag gáire nó ag gol nó ag gáire is ag gol in éineacht. A fhaid ar a ghiorracht saothar aibí é Banana.
Sáigh do chár ann.