Tá an leabhar seo as cló. Tá leabhar aistriúcháin nua leis an údar céanna ar fáil anois anseo.
Duais Oireachtais 2002
Gearrchúrsa praiticiúil san aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge é seo a threoraíonn an léitheoir ó na chéad chéimeanna sa phróiseas (an téacs Béarla a mheas agus a thuiscint) go dtí an chéim dheiridh (an leagan aistrithe a mheas agus a phrofáil). Cuirtear síos ar conas na foinsí eolais agus na foclóirí a cheadú agus pléitear na deacrachtaí is minice a thagann aníos san aistriúchán (focail ‘dho-aistrithe’, focail nach bhfuil teacht orthu sna foclóirí agus araile).
Tá comhairle ann ar conas tionchar an Bhéarla a sheachaint agus débhrí nó doiléire chomh maith. Tá neart cleachtaí ann a d’fhéadfaí a úsáid sa seomra ranga nó le haghaidh staidéir phríobháidigh.
Tá an t-údar, Antain Mac Lochlainn ina chomheagarthóir ar láithreán áiseanna d’aistritheoirí, www.acmhainn.ie.