Léigh sliocht as an leabhar >>
Buachaill ar a theitheadh óna thuismitheoirí. Seanduine ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar an traein go Baile Átha Cliath. Éisteann siad le scéalta a cheile. Tuigeann siad a chéile. Cén toradh a bheidh ar an gcairdeas nua seo? Bhuaigh an leabhar seo duais Oireachtais agus Gradam Réics Carló in 2014. Bhuaigh sé freisin an duais le haghaidh ficsin ó Leabhar Pháistí Éireann (CBI), duaiseanna leabhair na bliana, in 2015, agus sa bhliain chéanna Gradam Leabhar do Pháistí ó Chumann Litearthachta na hÉireann.
Leagan closleabhair den teideal spreagúil seo do dhéagóirí léite ag an údar féin, Áine Ní Ghlinn. Is féidir an comhad a íoslódáil go saor in aisce anseo thíos. Áis luachmhar le húsáid i dteannta an leabhair féin ag léitheoirí aonair, agus go háirithe ag múinteoirí agus ag daltaí. Éist leis an gclosleabhar anseo thíos. Is féidir leat é a íoslódáil ach brúigh ar an gcnaipe beag ar dheis.