Is é an Dinnseanchas saothar deiridh Thomáis Uí Chriomhthain, a d’fhoilsigh An Gúm den chéad uair i 1935. Tá an t-eagrán nua bunaithe ar lámhscríbhinn an údair, agus tá sé maisithe le líníochtaí de chuid an ealaíontóra Tomás Ó Cíobháin.
Sa Dinnseanchas, cruthaíonn an Criomhthanach úinivéars trína chuntas ar ainmneacha na mBlascaodaí. Cuireann sé anáil na beatha – daonna agus ainmhíoch -i ngnéithe aiceanta na talún agus na farraige. Tíreolas spioradálta lena chois sin é.
Faoi mar a deir sé féin: “Do cheapadh gach nduine acu so gurbh í Parthas, nó sciathán uaidh, an chloch so, agus go mbeidís féin inti an fhaid do bheadh solas insa ghréin.”