Is aoibhinn an áit é Dún an Airgid – baile nua foirfe agus daoine deasa lonnaithe ann. Útóipe nua-aoiseach. Ach lá amháin téann an leabharlannaí Laoise Ní Bhroin ar iarraidh. An bhfuil dúnmharfóir srathach i gceist? Céard a bhí faoi cheilt ag Laoise?
Nochtann Éilís Ní Dhuibhne ealaín agus rachmas sa chúlra – agus an nathair nimhe i bhfolach i bParthas. Cé a rinne é? Ach tá caidreamh an Gharda lena chailín Saoirse i gceist freisin agus saol comhaimseartha na hÉireann ag bruith anseo.