Duais Oireachtais 2009
Cónaíonn Alex Hijmans (Foinse, Nuacht TG4/RTÉ) i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfracach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht?
Féach suíomh Alex Hijmans ar a bhfuil blag ar a shaol sa Bhrasaíl: http://www.alexhijmans.com/