Cur síos ar an bhfoghraíocht agus ar an bhfóineolaíocht i gcomhthéacs na Gaeilge, agus córas fuaimeanna na Gaeilge leagtha amach ann, fóinéim ar fhóinéim i gcomhthéacs na bpríomhchanúintí.
Is dlúthchuid den tionscadal seo é an suíomh www.fuaimeanna.ie áit a bhfuil catalóg na bhfuaimeanna agus na dtaifead samplach mar thaca do lucht léite an leabhair.
An dara heagrán den saothar. San eagrán nua seo cuireadh leasuithe fónta a mhol léitheoirí i bhfeidhm.