Gradam Réics Carló 2016
Leagan closleabhair den teideal mealltach Hata Zú Mhamó do dhéagóirí, á léamh ag an údar féin, Áine Ní Ghlinn. Is féidir an comhad a íoslódáil saor in aisce anseo thíos. Áis luachmhar le húsaid i dteannta an leabhair féin ag léitheoirí aonair, agus go háirithe ag múinteoírí agus ag daltaí.
Tá hata spéisiúil, spraíúil ag Mamó. Hata zú! É maisithe le heireaball léamair agus le cleití péacóige! Ach ní leor an hata a bheith aici! Tá plean ag Mamó éalú amach as an teach altranais agus a hata zú a chaitheamh sa zú féin. Cuireann sí iachall ar a gariníon Siobhán í féin agus beirt chara léi ón teach altranais a thabhairt ann. Beidh na heachtraí sa zú lán chomh spleodrach céanna le hata zú Mhamó.
Bhuaigh an leabhar seo duais Oireachtais in 2014 sa chatagóir ficsin do pháistí san aoisghrúpa 9+.
©2016 Áine Ní Ghlinn agus Cois Life