Cnuasach léachtaí ar léitheoireacht agus litearthacht na Gaeilge, imeachtaí Shiompóisiam faoin Léitheoireacht, a tionóladh i nGaeltacht na Gaillimhe, 8–9 Márta 2002, faoi chúram Róisín Ní Mhianáin, le hurraíocht ón gComhairle Ealaíon, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Fiontar. Chaith sí blianta fada leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht agus ina dhiaidh sin ina Comhairleoir Liteartha Gaeilge ag an gComhairle Ealaíon.
Scríbhneoirí: Tina Hickey agus Pól Ó Cainín; Joe Steve Ó Neachtain; Dónall P. Ó Baoill; Colmán Ó Raghallaigh; Seosamh Ó Murchú; Máire Denvir; Caoilfhionn Nic Pháidín; Gabrielle Nig Uidhir; Tadhg Ó hIfearnáin; agus Nóirín Ní Ghrádaigh.